Gradam speisialta IFTA le bronnadh ar Mhicheál Ó Meallaigh, TG4

Onóir nach raibh aon súil aige léi atá sa ghradam, a deir Ó Meallaigh a bhí ina eagarthóir coimisiúnaithe i TG4 ar feadh 20 bliain

Gradam speisialta IFTA le bronnadh ar Mhicheál Ó Meallaigh, TG4

Bronnfar gradam speisialta ag searmanas bronnta na gradam IFTA ar Mhicheál Ó Meallaigh, iarEagarthóir Coimisiúnaithe TG4 ‘as an gcomaoin mhór’ a chuir sé ar thionscal na teilifíse le 20 bliain anuas, agus as a bhfuil déanta aige ar son na Gaeilge le linn na tréimhse céanna.

Nuair a cuireadh tús le Teilifís na Gaeltachta i 1996, ceapadh Ó Meallaigh ina eagarthóir coimisiúnaithe don stáisiún, post a bhí aige nó gur éirigh sé as i mBealtaine na bliana seo.

Agus an gradam speisialta á fhógairt inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach IFTA Áine Moriarty nach raibh aon cheist ann ach gur fhág Ó Meallaigh a rian ar shaol na teilifíse.

“Micheál has undoubtedly been the most positive influence on Irish language production in Ireland.

“He has broken the mould when it comes to great vision and brave commissioning decisions that have consistently delivered world-class film and drama to audiences around the world,” a dúirt Aine Moriarty.

Dúirt Ó Meallaigh féin gur “onóir” a bhí sa ghradam.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le IFTA as ucht an onóir seo nach raibh aon súil agam léi. ’Sé an saothrú ar son na Gaeilge, fite fuaite le grá don scéalaíocht, a mheall mé i dtreo ghnó na teilifíse ar dtús, agus uaidh sin fuair mé deis ar leith cláir den iliomad genre a choimisiúnú agus a chothú i bpáirt le léiritheoirí agus stiúrthóirí den scoth.

“Tá mé thar a bheith sásta glacadh leis an aitheantas pearsanta seo mar chuid den ghaisce atá déanta ag TG4 le scór bliain anuas.”

Bronnfar an gradam speisialta ar Ó Meallaigh ag ócáid bhronnta na ngradam IFTA i mBaile Átha Cliath ar an 7 Deireadh Fómhair.

I measc na gclár agus na scannán a ndearna Ó Meallaigh coimisiúnú orthu le linn a thréimhse 20 bliain le TG4, bhí CU Burn, Cré na Cille, Aifric, Kings, Corp+Anam, Rásaí na Gaillimhe, Na Cloigne agus An Klondike.

Is iomaí clár faisnéise a choimisiúnaigh sé chomh maith, ina measc Seachtar na Cásca, Mná an IRA, Lón sa Spéir agus Éire sa Congo 1961.

Fág freagra ar 'Gradam speisialta IFTA le bronnadh ar Mhicheál Ó Meallaigh, TG4'