Gradam speisialta buaite ag Futa Fata ag Gradaim Leabhair Pháistí Éireann

Bronnadh Gradam Speisialta ar an ‘leabhar galánta’ Bliain na nAmhrán a foilsíodh i mbliana

Gradam speisialta buaite ag Futa Fata ag Gradaim Leabhair Pháistí Éireann

Tá gradam speisialta buaite ag na foilsitheoirí Gaeltachta, Futa Fata, ag Gradaim Leabhair Pháistí Éireann dá leabhar Bliain na nAmhrán a foilsíodh i mbliana.

Bronnadh na gradaim in Smock Alley Theatre i mBaile Átha Cliath níos luaithe inniu. Ba é Chris Haughton a thug leis an duais mhór, Leabhar na Bliana, ag an ócáid dá leabhar pictiúr Goodnight Everyone.

‘Gradam Speisialta na Moltóirí’ a bronnadh ar shaothar Thaidhg Mhic Dhonnagáin, údar Bliain na nAmhrán agus stiúrthóir Futa Fata.

Ba é Mac Dhonnagáin a chum na hamhráin atá sa leabhar nua, a cuireadh ar sheilfeanna na siopaí leabhar ag tús na bliana seo, agus ba é a chuir eagar ar an leabhar freisin. Dúirt sé go bhfuil cúpla bliain ó d’fhoilsigh a chomhlacht Futa Fata a leithéid de leabhar ach go bhfuil “a chroí istigh” in obair mar sin.

“Tá ceathrar ealaíontóirí éagsúla ann, agus rinne siad an ealaín do na ceithre shéasúr. Tá an stíl go maith, agus tá mo chroí istigh san obair seo. Is é an CD [a thagann leis an leabhar] is tábhachtaí, dar liom, bhí muid ag obair air ar feadh an tsamhraidh.

“Tá cúpla bliain ann ó rinne muid rud mar seo, agus bhí sé go hálainn dul amach chuig an bpobal agus daoine a fháil le hamhráin a rá, daoine nua. Bíonn sé deacair i gcónaí duine a fháil a déarfaidh amhráin, níos deacra ná mar a bheadh sé duine a fháil le rann a rá, ach bhí siad ann agus tá mé an-sásta leis an leabhar,” a dúirt sé.

Dúirt na moltóirí, Jennifer Farley, Brian Fitzpatrick, Tarsila Krüse and Christina O’Donovan gur leabhar “galánta” a bhí i Bliain na nAmhrán a “maisíodh go hálainn”.

“‘This sumptuous illustrated collection of songs in Irish invites young and old audiences to celebrate the seasons and the natural world. Accompanied by a CD and beautifully illustrated by a team of accomplished illustrators, this multimedia collection offers a special aesthetic experience,” a dúradh.

Is iad Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann na príomhghradaim le haghaidh leabhair do pháistí in Éirinn.

Fág freagra ar 'Gradam speisialta buaite ag Futa Fata ag Gradaim Leabhair Pháistí Éireann'