Gradam Shéamuis Mhic Géidigh seolta ag Uachtarán CLG

Bronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh ar an bpeileadóir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall gach bliain feasta

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh seolta ag Uachtarán CLG

Tá gradam nua seolta ag Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, in ómós do Shéamus Mac Géidigh, an craoltóir Conallach a bhásaigh go tobann i mí Iúil.

Bronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh ar an bpeileadóir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall gach bliain feasta. Iriseoirí spóirt an chontae a roghnóidh an buaiteoir. 

Ba i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga, mar a raibh Séamus Mac Géidigh ina Bhainisteoir Réigiúin,  a seoladh an gradam i gcuimhne an chraoltóra ar maidin. 

Ba as an Ailt, An Ardaí Bheag, Gort an Choirce i nDún na nGall do Shéamus Mac Géidigh agus bhí ardmheas air ar fud an chontae sin, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar chraoltóir cumasach agus mar shárthráchtaire spóirt.

Dúirt Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail ar maidin go raibh an Ghaeilge, Cumann Lúthchleas Gael agus Raidió na Gaeltachta “ar thrí cinn de na nithe ba ghaire do chroí Shéamuis Mhic Géidigh an fhad is a bhí sé beo”. Tá na “bunluachanna céanna” ag baint leis an nGradam nuasheolta, a dúirt sé. 

“Onóir mhór a bheidh ann don imreoir ar a mbronnfar an gradam, agus creidim go mbeidh ardmheas air, mar a bhí ar Shéamus féin, beannacht Dé leis,” a dúirt Uachtarán CLG. 

Dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, go dtabharfadh an gradam spreagadh don dream óg, rud a rinne Séamus Mac Géidigh féin i gcónaí.

“Mol an Óige agus tiocfaidh sí, a deirtear, agus ba nós le Séamus Mac Géidigh i dtólamh ugach agus spreagadh thabhairt don dream óg, mar sin is cuí go dtabharfaidh an gradam seo aitheantas do pheileadóir óg ina chontae dúchais féin. 

“Ní dhéanfaidh muid dearmad choíche de Shéamus, nó ar an obair mhór a rinne sé do Chumann Lúthchleas Gael, go háirithe anseo i nDún na nGall.”

Bronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh den chéad uair i ndiaidh Chraobh Shinsir Dhún na nGall.

Fág freagra ar 'Gradam Shéamuis Mhic Géidigh seolta ag Uachtarán CLG'