Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2019 le bronnadh ar Chiarán Thompson

Tá captaen Naomh Conaill roghnaithe mar an t-imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall i mbliana, bliain inar éirigh lena chumann Corn an Dochtúra Mhic Uidhir a thabhairt leo

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2019 le bronnadh ar Chiarán Thompson

Ciarán Thompson. INPHO/Evan Logan

Is é Ciarán Thompson buaiteoir Ghradam Shéamuis Mhic Géidigh 2019, gradam a bhronntar ar an imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall.

Bhí Thompson ina chaptaen ar fhoireann Naomh Conaill a bhuaigh craobh an chontae an mhí seo caite. Bhuaigh fir na nGleanntach ar sheaimpíní 2018, Gaoth Dobhair, tar éis dóibh trí chluiche a imirt i gcoinne a chéile.

Bhuaigh Thompson, 24, Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall le Naomh Conaill den chéad uair in 2015 agus bhí taispeántais an imreora lár páirce cinniúnach i mbua na foirne arís i mbliana.

“Is mór an onóir dom go bhfuil an gradam seo le bronnadh orm, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chuid comhimreoirí agus le lucht traenála agus bainistíochta Naomh Conaill as a dtacaíocht,” a dúirt Thompson, atá i mbun staidéir faoi láthair in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, agus é sa bhliain dheireanach ar chúrsa spóirt agus aclaíochta.

Roghnaíonn coiste iriseoirí spóirt i dTír Chonaill buaiteoir an ghradaim gach bliain agus mhínigh cathaoirleach an choiste sin, Damien Ó Dónaill, cén fáth gur roghnaíodh Thompson i mbliana.

Roghnaíodh Ciarán mar gheall a chuid taispeántas ag deireadh na craoibhe i mbliana.  B’éigean an cluiche ceannais a imirt trí huaire le Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair a scarúint óna chéile, agus bhí ceannródaíocht Chaptaen Naomh Conaill, Ciarán Thompson, lárnach ina mbua ag deireadh,” a dúirt tráchtaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sár-imreoir é Thompson, atá ag forbairt bliain i ndiaidh bliana, agus é ábalta scóranna inspioráideacha a aimsiú lena chos chlé nuair is gá.  Is imreoir lár páirce do Naomh Conaill é a dhéanann obair na gcapall daofa, agus tá gradam na bliana seo tuillte go maith aige.”

Beidh Thompson agus Naomh Conaill ag imirt arís seachtain ón Domhnach nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar sheaimpíní an Dúin, Cill Chua, i gcluiche ceannais Uladh ar an Ómaigh.

Seo í an ceathrú bliain ag Gradam Shéamuis Mhic Géidigh. Is iad Odhrán Mac Niallais as Gaoth Dobhair, Mark McHugh as Cill Charthaigh agus Michael Murphy as Gleann tSúilí buaiteoirí eile an ghradaim go dtí seo.

Tá an gradam ainmnithe in ómós do Shéamus Mac Géidigh, an craoltóir agus tráchtaire Conallach a bhásaigh go tobann i mí Iúil 2016. 

Bronnfar an gradam ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall ar an 23 Samhain.

Is é an dealbhadóir Redmond Herrity a chruthaigh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh as cloch eibhir Dhún na nGall. Cruth na hEaragaile atá ar an ngradam agus pictiúr de Shéamus Mac Géidigh greanta chun tosaigh air.

Fág freagra ar 'Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2019 le bronnadh ar Chiarán Thompson'