Gradam Scríbhneoireachta Stewart Parker bronnta ar Noel Ó Gallchóir

Seo le Gradam Scríbhneoireachta Stewart Parker 2015 go Gaoth Dobhair agus Rann na Feirste

Noel

Tá Gradam Scríbhneoireachta Gaeilge Stewart Parker 2015 buaite ag Noel Ó Gallchóir ó Ghaoth Dobhair inniu. Is as an seó aonair Idir dhá cheann na hImní, a bhí bunaithe ar scríbhinní Sheosaimh Mhic Grianna, a fuair se an gradam.

Rugadh agus tógadh Ó Gallchóir i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá sé ina chonaí i nGort a’ Choirce le blianta fada agus é ag obair i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó bhí 1977 ann, mar a bhfuil sé ina Phríomhoide ó 1998. Chuir sé scríbhinní a athar ‘Johnie Sheáin’ in eagar sa leabhar ‘Trasna an Ghaoith’ sa bhliain 2011.

Ghlac se páirt i gcuid mhór drámaí le hAisteoirí Ghaoth Dobhair agus le Aisteoirí Ghort a’ Choirce.  Tá cuid mhór gradaim náisiúnta bainte aige i gcomórtaisí éagsúla – An tOireachtas, Scór agus i bhféilte Drámaíochta. Tá an seó aonair ‘Idir dhá cheann na hImní’, a chuir sé le chéile faoi shaol agus shaothar Sheosaimh Mhic Grianna (1900-1990), léirithe aige fud fad na hÉireann le bliain anuas.

I Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill a rugadh Seosamh Mac Grianna (1900-1990). Bhain sé clú amach mar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge sa 20ú haois agus i measc na saothar is mó cáil a scríobh sé, tá Mo Bhealach Féin, An Druma Mór agus An Grá agus an Ghruaim. In ainneoin gur éirigh sé as an scríobh go luath ina shaol, deirtear go raibh sé ar dhuine de na húdair ba mhó a chuir dlús le saothrú na scríbhneoireachta cruthaithí i litríocht na Gaeilge.

Sa dráma ‘Idir dhá cheann na himní, tugann Noel Ó Gallchóir eachtraí as saol agus as scéalta Sheosaimh Mhic Grianna chun beatha agus tugann léargas domhain, pearsanta ar an scríbhneoir é féin.

Feictear an duine corr seachantach, an file mar choimhthíoch atá ar strae i ré nach dual dó, an t-aonarán leochaileach uaigneach, an fánaí agus an fealsamh, agus an máistir i mbun pinn.

Is iomaí cineál scéil a scríobh an Griannach agus tugtar gach gné dá shaothar chun solais go healaíonta sa dráma ionraic cumhachtach seo, a bhainfidh idir gháire agus deora as an lucht féachana.

Fág freagra ar 'Gradam Scríbhneoireachta Stewart Parker bronnta ar Noel Ó Gallchóir'

  • Siuán

    Tá an gradam tuillte go maith aige ní amháin as an saothar seo ach as an obair ar fad atá déanta aige le blianta. Ardfhear!

  • Páid Ó Donnchú

    Aontaím leat. An ceanncis mó a thaitnigh liom féin Ná “Ná féachaigí siar le fearg.” Ceann eile, Balla Iontais.

  • Feardorcha

    Dhein sé éacht leis – an-seó agus an-aisteoireacht