Gradam scannáin bronnta ar bhean Ros Muc i Londain

Seo an dara gradam idirnáisiúnta atá buaite ag Linda Bhreathnach dá scannán ‘Adulting’ a taispeánadh den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana

Gradam scannáin bronnta ar bhean Ros Muc i Londain

Bronnadh an gradam don ghearrscannán is fearr ar Adulting le Linda Bhreathnach, as Ros Muc, ag Féile Scannán Éireannach Londan inné in Ambasáid na hÉireann i Londain.

Seo an dara gradam idirnáisiúnta atá buaite ag Bhreathnach, a ghlac an príomhról mar ‘Jane’ sa scannán, le cúpla mí anuas. Bronnadh Gradam Réalta Óg Irish Screen America ar an scannánaí Gaeltachta i mí Mheán Fómhair.

LindaBhreathnachAdultingLondon1
Linda Bhreathnach lena gradam inné

“Airím chomh bródúil sin, agus tá mé an-sásta go bhfuil spéis ag daoine scéalta a chloisteáil ó Ghaillimh agus ó Chonamara. Tá sé go hálainn nuair a chuireann tú scéal ionraic amach ansin, go mbíonn suim ag daoine é a fheiceáil.

“Is mór an onóir dom, dáiríre, agus tá mé chomh buíoch sin de gach duine a raibh baint acu leis an scannán,” a dúirt sí le Tuairisc.ie

Insítear in Adulting scéal Jane, bean óg atá tagtha abhaile go Conamara tar éis don chaidreamh grá a bhí aici thar lear cliseadh. Déantar iarracht sa scannán dul i ngleic le “ceist mhór an lae inniu” – cén chaoi a dtugtar faoi shaol an duine fhásta?

Taispeánfar an gearrscannán le linn Fhéile Scannán Éireannach Londan ar an gCéadaoin an 23 Samhain mar chuid den chlár gearrscannán atá a dtaispeáint ag an bhféile.

“Bhí mé ag iarraidh stíl nua scannáin a dhéanamh ó dhearcadh bean as iarthar na hÉireann. Bhí mé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh a labhraíonn le mo ghlúinse agus a imíonn ón íomhá sheanchaite den iarthar agus den saol amuigh faoin tuath,” a dúirt sí.

Rinneadh an scannánú ar fad don ghearrscannán i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara agus is i mBéarla agus i nGaeilge atá an script. Bhain Linda Bhreathnach cáil amach ar dtús ar Ros na Rún agus a bhí sí le feiceáil i leithéidí Corp agus Anam ar TG4. Ina teannta in Adulting, tá Carrie Crowley, a bhíonn le feiceáil ar Fair City ar RTÉ One, Seán T. Ó Meallaigh, a raibh príomhpháirt aige i An Klondike, sraith a bhuaigh gradam IFTA don chlár is fearr i mbliana, agus Pádraic Breathnach, a bhíonn le feiceáil ar Jack Taylor ar TV3.

Tá scannán nua idir lámha ag Linda Bhreathnach faoi láthair, agus é bunaithe ar scéal a scríobh a deirfiúr, Bridget. Beidh Seán T. Ó Meallaigh agus Patrick Bergin páirteach ann, a dúirt sí, agus súil aici é a bheith ar an scáileán go luath.

Ní hí Linda Bhreathnach an t-aon scannánaí Gaeltachta a bhuaigh gradam ag Féile Scannán Éireannach Londan inné. Bhuaigh Aodh Ó Coileáin , as an Daingean, an gradam don scannán faisnéise is fearr.

Idir an dá linn, bhí dea-scéal eile ag lucht na teilifíse Gaeilge ag an deireadh seachtaine nuair a thug an comhlacht Gaeltachta Nemeton leo an gradam don Bhuanghnó Spóirt is fearr ag na Gradaim Thionscal Spoírt na hÉireann.

Fág freagra ar 'Gradam scannáin bronnta ar bhean Ros Muc i Londain'

  • Pól Ó Braoin

    Comhghairdeachas ó chroí leat, a Linda… agus leis an gcriú go léir…
    Nár laga Dia sibh!

  • Máire Ní Chonláin

    Comhghairdeas le Linda, Aodh agus Nemeton. Nár laga Dia iad!