Gradam saoil bronnta ar Sheán Bán Breathnach agus údar ceiliúrtha ag Gaeil eile ag ócáid CLG

Bronnadh gradaim ar na craoltóirí Gaeilge aitheanta, Seán Bán Breathnach, Seán Mac an tSíthigh agus Conall Ó Máirtín, ag ócáid bhronnta de chuid Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh

Gradam saoil bronnta ar Sheán Bán Breathnach agus údar ceiliúrtha ag Gaeil eile ag ócáid CLG

Seán Bán Breathnach (Pic: Seán Ó Mainnín)

Bhronn Cumann Lúthchleas Gael gradam saoil ar dhuine de mhórchraoltóirí na Gaeilge ag an deireadh seachtaine nuair a tugadh gradam ‘Hall of Fame’ do Sheán Bán Breathnach mar chuid de Ghradaim MacNamee.

Is anuraidh a fógraíodh go raibh Seán Bán, a bhfuil breis is leathchéad bliain caite aige i mbun craoltóireachta, chun an onóir a fháil ag gradaim 2020 ach níor reáchtáladh an ócáid bhronnta go dtí an deireadh seachtaine seo de dheasca na paindéime.

Is ag casadh ceirníní ar Radio Éireann a thosaigh Seán Bán ag craoltóireacht i 1969 ach is mó aithne atá air as an gcraoltóireacht spóirt. Ba é féin agus Mártan Ó Ciardha a thosaigh an clár Spórt an tSathairn ar Raidió na Gaeltachta breis is 25 bliain ó shin agus bhí Seán Bán ag cur an chláir sin i láthair go dtí anuraidh.

Is iomaí píosa cáiliúil tráchtaireachta a rinne Seán Bán le blianta, troid Sheáin Uí Mhainnín i Madison Square Garden i 1984 agus bua Katie Taylor ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012 ina measc ach tá dlúthcheangal aige freisin le cúrsaí CLG.

Ag comhghairdeachas á dhéanamh le Seán Bán, dúradh i ráiteas Chumann Lúthchleas Gael:

“A chuid tráchtaireachta ba mhó a thuill clú do Sheán, ach bhí sé sáite freisin i gcláracha irise agus i sraitheanna leis na laochra móra ón am atá caite.

“Tá dlúthbhaint aige le craoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta le breis agus 40 bliain.

“Thug teacht TnaG/TG4 breis deiseanna ina bhealach, ach is dóigh liom go n-admhódh sé féin gur sa raidió atá a chroí.”

Tá iarchomhghleacaithe Sheáin Bháin sa rannóg spóirt i RTÉ Raidió na Gaeltachta, Mártan Ó Ciardha agus Micheál Mac Donnchadha, ina measc siúd a bhfuil gradam saoil bronnta ag Cumann Lúthchleas Gael orthu roimhe seo.

Bronnadh gradaim ar chraoltóirí aitheanta eile a bhfuil Gaeilge acu ag an ócáid i bPáirc an Chrócaigh, nuair a bronnadh na gradaim ar bhuaiteoirí 2019 agus 2020.

Tomas Mac Gearailt, a d’imir do Chorca Dhuibhne sa chéad Chomórtas Peile na Gaeltachta, le Seán Mac an tSithigh. Pic: Seán Ó Mainnín

Thug Seán Mac an tSíthigh leis Gradam na Gaeilge 2019 as ucht an leabhar a chuir sé in eagar – An Síol a Cuireadh sa tSneachta – a rinne comóradh ar bhunú agus ar stair 50 bliain Chomórtas Peile na Gaeltachta.

“Cuntas den scoth atá ann agus cur síos freisin ag an 50 club as na Contaetha Gaeltachta, as Bleá Cliath, Béal Feirste agus as Londain agus ar an gceangal atá acu leis an gComórtas,” a dúradh.

Bhuaigh Conall Ó Máirtín ó BBC Uladh Gradam na Gaeilge 2020 as an gclár faisnéise a rinne sé faoi chomóradh 100 bliain Dhomhnach na Fola.

“Clár siamsúil a bhí anseo ina ndearnadh sárthaighde. Bhí an méid a bhí ann suimiúil, ómósach agus thug sé ábhar machnaimh don lucht éisteachta. Léiríodh tuiscint shoiléir ar ábhar an chláir agus ar an tionchar a bhí aige ar mhórphobal Chumann Lúthchleas Gael,” a dúradh.

Bhuaigh Gaeilgeoir eile, Dónal McAnallen, an gradam don fhoilseachán CLG is fearr as an leabhar a scríobh sé, Forgotten Gaelic Volunteer, a rinne cur síos ar bhaill CLG ó chúige Uladh a throid sa Chéad Chogadh Domhanda agus an neamhaird a rinneadh orthu ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'Gradam saoil bronnta ar Sheán Bán Breathnach agus údar ceiliúrtha ag Gaeil eile ag ócáid CLG'