Tabharfar aitheantas speisialta do dhuine de na craoltóirí agus iriseoirí is aitheanta i saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath anocht agus ‘Gradam Saoil’ an Gaelic Writers Association le bronnadh ar Mhártan Ó Ciardha, iar-eagraí spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc.ie.
Bronnfaidh Cumann Scríbhneoirí Gael an ‘Gradam Saoil’ ar iar-eagraí spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ócáid speisialta in Óstán an Jackson Court.
Tá an gradam saoil á bhronnadh ar Ó Ciardha mar aitheantas as feabhas a shaothair le beagnach 40 bliain anuas agus é ag plé le cúrsaí CLG ar an raidió agus sna nuachtáin.
Deir Ó Ciardha go mór an onóir dó an t-aitheantas a fháil, go háirithe agus é roghnaithe don ghradam ag iriseoirí eile.
“Tá mé an-sásta an gradam seo a fháil ó na daoine a chleacht an cheird chéanna liom.
“Tá mé an-bhuíoch de na heagraíochta uile a thug na deiseanna dom a fuair mé, go háirithe RTÉ Raidió na Gaeltachta. Agus freisin, do mo bhean agus mo chlann a thug chuile cúnamh i gcaitheamh na mblianta sin,” a dúirt Ó Ciardha.
Thosaigh Mártan Ó Ciardha, arb as Indreabhán i gConamara ó dhúchas é, ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1978. Ó shin, go dtí gur éirigh sé as in 2009, rinne Ó Ciardha tráchtaireacht i nGaeilge agus i mBéarla don chraoltóir náisiúnta ar chuid de mhórócáidí an spóirt, cluichí ceannais na hÉireann, Craobhacha Sacair an Domhain agus Cluichí Oilimpeacha ina measc.
Scríbhneoir aitheanta is ea Ó Ciardha chomh maith agus tréimhsí caite aige ag scríobh do Amárach agus Foinse. Tá sé ina phríomhcholúnaí spóirt le Tuairisc.ie ó bunaíodh an tseirbhís nuachta ar líne trí bliana ó shin. Bíonn a chuid saothar le feiceáil i gcláir chluichí CLG chomh maith.
Bhronn CLG gradam saoil ar Ó Ciardha mar chuid de Gradaim MacNamee in 2008.
Bronnfar gradaim ‘Iománaí na Bliana’ agus ‘Peileadóir na Bliana’ ag ócáid Chumann na Scríbhneoirí Gael anocht chomh maith.
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Maith thú a Mhártain, tá an gradam seo tuillte go maith agat.
Mike P O Conaola
Go maire tu do nuacht a Mhartan. Eacht deanta agat bail o Dhia ort. O Mhike P O Conaola
Helen
Ard fhear a Mhártan. Is dochas go mbeidh sibh i Coppers anocht.
Bríghid Uí Fhátharta
Comhghairdeas o chroī leat a Mhārtan
Eilís ní Anluain
Treise leat a Mhártain
Sinéad Ní Chualáin
Comhghairdeas a Mhártan. Bíodh an-oiche agaibh. Ádh mór ó Sinéad Cholm Mharcuis.
Séamas Mac Coitir, Bearna.
Treaslaím ó chroí le Mártan as an ngradan saoil a bheas le bronnadh air mar aitheantas as feabhas a shaothair. Is é rímháistir na hiriseoireachta é, tá a chuid Gaeilge gan cháim, agus gan aon agó, bhí sé os cionn a bhuille i gcónaí i réimse fhairsing na tráchtaireachta. Gura fada buan é! Níl aon cheardaí oilte nach bhfágann lorg a láimhe féin ar a shaothar.
Go maire sé na blianta faoi mhaise agus faoi shláinte, agus go méadaí Dia i dtreise aigne é!
Aonghus
Nár laga Dia MÓC, duine de ‘dhaoine córa’ na hÉireann!
Jamie Ó Tuama
Tuillte go maith agat, a Mhártain. Comhghairdeas leat.
Máirín
Is maith an aghaidh é ar fhear uasal!
Pádraig
Beir bua is Beannacht a Mhártain!