Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta buaite ag na Gaeil Óga

Roghnaíodh Na Gaeil Óga chun aitheantas a thabhairt dóibh as ucht an obair atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phríomhchathair

Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta buaite ag na Gaeil Óga

Tá sé fógartha inniu go mbronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2017 ar Na Gaeil Óga, an cumann CLG lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.

Roghnaíodh Na Gaeil Óga don ghradam chun aitheantas a thabhairt don obair atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phríomhchathair. Bronnfar an gradam ar na buaiteoirí le linn Chorn Uí Riada oíche Dé Sathairn ag Oireachtas na Samhna.

Bunaíodh Na Gaeil Óga sa bhliain 2010, agus tá 300 ball gníomhach acu faoi láthair. Tá cúig fhoireann do dhaoine fásta ag an gcumann sa pheil, sa chamógaíocht, san iomáint agus i bpeil na mban agus deich bhfoireann faoi aois acu.

Tá na foirne faoi aois lonnaithe i nGaelscoil Naomh Pádraig agus imríonn na foirne fásta a gcuid cluichí baile i bPáirc an Fhionnuisce agus i bPáirc Naomh Caitríona i Leamhcán. Tá feachtas ar bun acu faoi láthair chun páirc bhuan a fháil i gceantar Leamhcáin chomh maith.

Mhol Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, an obair uile atá déanta ag an gcumann agus é ag fógairt na mbuaiteoirí.

“Shocraigh muid an gradam seo a bhronnadh ar Na Gaeil Óga mar aitheantas ar an obair mhór atá déanta acu le pobal teanga a chothú san ardchathair tríd chluichí CLG. Is dea-shampla iad do ghrúpaí eile atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn, agus tá bonn láidir curtha acu faoin gcumann leis an struchtúr faoi aois agus iad ag cinntiú go mbeidh siad láidir sna blianta amach romhainn. Guím gach rath ar an obair, gura fada buan iad.”

Is é an dealbhóir Jarlath Daly a dhear an gradam, atá déanta i gcré-umha. Tá íomhá an Triskel Ceilteach air, atá ionadaíoch ar obair RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá íomhá de pheileadóir agus d’iománaí greanta air freisin, ioadaíoch ar obair na nGaeil Óga.

Fág freagra ar 'Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta buaite ag na Gaeil Óga'