Gradam Réalta Óg Irish Screen America bronnta ar Linda Bhreathnach as Ros Muc

Tá an Gradam Réalta Óg Irish Screen America buaite ag an scannánaí Gaeltachta Linda Bhreathnach as Ros Muc i gConamara dá scannán 'Adulting'

Gradam Réalta Óg Irish Screen America bronnta ar Linda Bhreathnach as Ros Muc

Tá an Gradam Réalta Óg Irish Screen America buaite ag an scannánaí Gaeltachta Linda Bhreathnach as Ros Muc i gConamara dá scannán Adulting a taispeánadh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe níos túisce i mbliana.

Ba í Linda Bhreathnach féin a scríobh agus a léirigh an scannán, a dhíríonn ar bhrú an tsaoil dhigitigh sa 21ú haois, agus bhí sí ina comhstiúrthóir air in éineacht le Justin Davey.

Taispeánfar an scannán ag féilte scannán Irish Screen America i Nua-Eabhrac agus Los Angeles chomh maith leis an Irish Film Festival i San Francisco. Bronnfar an gradam go hoifigiúil ar Bhreathnach ag féile Los Angeles níos deireanaí an mhí seo.

Aisteoir í bean Ros Muc chomh maith agus b’aici a bhí an príomhról ‘Jane’ sa scannán. Insítear in Adulting scéal Jane, bean óg atá tagtha abhaile go Conamara tar éis don chaidreamh grá a bhí aici thar lear cliseadh. Déantar iarracht sa scannán dul i ngleic le “ceist mhór an lae inniu” – cén chaoi a dtugtar faoi shaol an duine fhásta?

“Bhí mé ag iarraidh stíl nua scannáin a dhéanamh ó dhearcadh bean as iarthar na hÉireann. Bhí mé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh a labhraíonn le mo ghlúinse agus a imíonn ón íomhá sheanchaite den Iarthar agus den saol amuigh faoin tuath,” a dúirt sí.

Rinneadh an scannánú ar fad don ghearrscannán i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara agus is i mBéarla agus i nGaeilge atá an script.  Bhain Linda Bhreathnach cáil amach ar dtús ar Ros na Rún agus a bhí sí le feiceáil i leithéidí Corp agus Anam ar TG4. Ina teannta in Adulting, tá Carrie Crowley, a bhíonn le feiceáil ar Fair City ar RTÉ One, Seán T. Ó Meallaigh, a raibh príomhpháirt aige i An Klondike, sraith a bhuaigh gradam IFTA don chlár is fearr i mbliana, agus Pádraic Breathnach, a bhíonn le feiceáil ar Jack Taylor ar TV3.

Dúirt Eibh Collins, bainisteoir Irish Screen America, gur roghnaíodh Breathnach don duais mar gheall ar an “ról ríthábhachtach a bhí aici” i gcruthú an scannáin.

“After carefully watching everything we screen for the festival we’ve selected six Irish talents we are proud to showcase in our programme, talents we want to support, thank and promote for their hard work in their field. Linda was selected for the clearly vital roles she had in making Adulting, the fantastic short…” a dúirt sí.

Tugann Irish Screen America tacaíocht agus treoir do scannánaithe Éireannacha i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus reáchtálann an eagraíocht taispeántais scannáin, cainteanna painéil, díospóireachtaí agus máistirranganna i gcaitheamh na bliana.

Fág freagra ar 'Gradam Réalta Óg Irish Screen America bronnta ar Linda Bhreathnach as Ros Muc'