Gradam Joe Steve buaite ag fear óg as Conamara

Fógraíodh inné gurb é Eoin Ó Dubhghaill a bhuaigh an comórtas drámaíochta ‘Gradam Joe Steve’

Gradam Joe Steve buaite ag fear óg as Conamara

Drámadóir as ceantar Chois Fharraige i nGaeltacht Chonamara a thug leis an chéad ‘Gradam Joe Steve’.

Fógraíodh inné gurb é Eoin Ó Dubhghaill a bhuaigh an comórtas drámaíochta a bunaíodh in ómós do Joe Steve Ó Neachtain, an scríbhneoir agus an t-aisteoir aitheanta Gaeltachta as an Spidéal a bhásaigh anuraidh.

Is as Coill Rua Thoir in Indreabhán d’Eoin Ó Dubhghaill, agus tá taithí aige a bheith ag aisteoireacht ar an ardán agus ar an scáileán le deich mbliana anuas i dtograí éagsúla as Gaeilge agus as Béarla, ina measc an sobaldráma Ros na Rún. Tá drámaí scríofa agus léirithe aige le Fíbín, An Taibhdhearc agus go leor comhlachtaí eille.

Gearrdhrámaí Gaeilge comhaimseartha bunaithe ar scéalta miotais nó staire na hÉireann a bhí á lorg don chomórtas ‘Gradam Joe Steve’ agus roghnaíodh saothar Uí Dhubhghaill, Rún, sa chéad áit.

Tá an dráma raidió bunaithe ar an gcaidreamh atá idir athair agus mac, agus tagraíonn sé don bhéaloideas a bhaineann le rónta agus a gceangal le muintir Uí Chonghaile. Fuair Ó Dubhghaill cabhair leis an gcoincheap don dráma ón aisteoir agus scríbhneoir Bríd Treasa Ní Ghaoithín, a bhfuil taighde agus obair déanta aici féin faoin ábhar sin.

Joe Steve Ó Neachtain

Bhí an comórtas á reáchtáil ag an gcomhlacht Fíbín agus fógraíodh an buaiteoir ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Scéal ionraic ón gcroí a chuirtear inár láthair sa dráma Rún faoi chaidreamh achrannach idir athair agus mac, agus mar a dhéantar athmhuintearas eatarthu ar aistear farraige agus iad i mbéal na stoirme,” a dúirt Philip Doherty, Stiúrthóir Ealaíne le Fíbín.

“Is dráma ar leith atá anseo, le hatmaisféar osréalach, fuaimrian tagrach, agus téamaí agus bríonna éagsúla le sonrú ann, a bhaineann úsáid iomlán as meán an dráma raidió chun an scéal a insint. Léiríonn an drámadóir scil eisceachtúil ó thaobh cúrsaí teanga de, agus féith dhúghrinn láidir. Is saothar thar a bheith cumhachtach atá curtha i dtoll a chéile dúinn ag Eoin Ó Dubhghaill.”

Bronnfar €500 ar Eoin Ó Dubhghaill, agus bronnfar dhá dhuais thánaisteacha €200 ar an mbeirt drámadóirí eile a bhí ar an ngearrliosta, Seán Ó Dubhchon as Machaire Rabhartaigh, agus Susanne Colleary as Sligeach.

Craolfar na trí dhráma maidin Luan Cásca ag 9.15am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh agallaimh ghearra le cloisteáil freisin leis na drámadóirí agus iad ag cur síos ar a saothar.

Is iad na haisteoirí Eoghan Ó Loideáin, Pól Ó Gríofa, Áine Ní Dhroighneáin agus Marie Bheag Bhreathnach a bheas sna príomhpháirteanna sa dráma Rún le hEoin Ó Dubhghaill.

Beidh Danny McCafferty, Pól Penrose agus Marcus Lamb le cloisteáil sa dráma Nuair a Scoilt an Scáthán le Seán Ó Dubhchon agus ghlac Marie Bheag Bhreathnach, Gráinne Bleasdale agus Áine Ní Dhroighneáin páirt sa dráma Murmur le Susanne Colleary.

Bunaíodh ‘Gradam Joe Steve’ anuraidh chun spreagadh a thabhairt do dhrámadóirí na Gaeilge. Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Taibhdhearc urraitheoirí an ghradaim.

Rinne Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár Raidió na Gaeltachta comhghairdeachas le hEoin Ó Dubhghaill as an ngradam a bhuachan agus dúirt sé go raibh an stáisiún thar a bheith sásta tacaíocht a thabhairt don togra.

“Fathach fir ab ea Joe Steve Ó Neachtain, nár leasc leis riamh ugach a thabhairt don óige, agus creideann muid go meallfaidh an gradam seo atá ainmnithe ina dhiaidh níos mó drámadóirí óga le dhul i mbun pinn. Cuideoidh sé linne sa Raidió anseo freisin aithne a chur ar na drámadóirí óga sin.”

Fág freagra ar 'Gradam Joe Steve buaite ag fear óg as Conamara'

  • An Teanga Bheo

    beir bua iontach

  • Breathnóir1

    Comhghairdeas leo ar fad. Ag súil le héisteacht leis na drámaí.