Gradam IMRO buaite ag ‘Rónán Beo @3’

Clár tráthnóna de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a thug leis an gradam craoltóireachta Gaeilge ag ócáid bhronnta IMRO ag an deireadh seachtaine

Gradam IMRO buaite ag ‘Rónán Beo @3’

Tá gradam IMRO buaite ag Rónán Beo @3, clár cainte agus ceoil a bhíonn á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus á chur i láthair ag an chraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí.

Tháinig an clár tráthnóna, a chraoltar ó stiúideo RnaG sna Doirí Beaga, sa chéad áit sa rannóg ‘Craoltóireacht le Gaeilge’.

Scoil Bhríde – 100 Bliain d’Aois, clár faisnéise de chuid BBC Raidió Uladh, a tháinig sa dara háit agus is é Splanc, an clár cainte Gaeilge ar Newstalk a thug leis an tríú duais sa rannóg Ghaeilge.

Seacht n-ainmniúchán a bhí faighte ag cláir raidió as Gaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Raidió IMRO 2018.

Sé chlár ar fad a ainmníodh sa rannóg ‘Craoltóireacht le Gaeilge’ agus ainmníodh an tsraith ceoil An Seisiún, a léirigh Cian Mac Carthaigh agus Lisa McGeough, sa rannóg ‘Clár Faisnéise Ceoil’.

Bronnadh na duaiseanna ag ócáid bhronnta gradam in Óstán Eastát Lyrath i gCill Chainnigh ag an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar 'Gradam IMRO buaite ag ‘Rónán Beo @3’'