Gradam idirnáisiúnta raidió buaite ag clár bunaithe ar fhilíocht Louis de Paor

Bhuaigh clár bunaithe ar shaothar a rinne de Paor i bpáirt leis an gceoltóir agus an cumadóir Dana Lyn gradam óir ag na New York Festivals Radio Awards

Gradam idirnáisiúnta raidió buaite ag clár bunaithe ar fhilíocht Louis de Paor

Tá gradam idirnáisiúnta raidió buaite ag an bhfile aitheanta Louis de Paor as clár dátheangach a rinne sé do RTÉ bunaithe ar fhilíocht dá chuid.

Bhuaigh an clár Lá dá raibh/One Day gradam óir sa rannóg ‘Cultúr agus na hEalaíona’ ag na New York Festivals Radio Awards 2022, féile mór le rá ina mbíonn cláir ó áiteanna ar fud an domhain san iomaíocht gach bliain. Breis is 200 léiritheoir, stiúrthóir agus scríbhneoir a bhí i mbun moltóireachta ag gradaim na bliana seo.

Tá an clár bunaithe ar shaothar a rinne de Paor i bpáirt leis an gceoltóir agus an cumadóir Dana Lyn as Nua-Eabhrac. Baintear úsáid as an bhfilíocht agus as an gceol chun scéalta ó bhaile beag ficseanúil in iarthar na hÉireann a insint. Is é de Paor a chum agus a léigh an dán agus ís í Lyn a chum an ceol.

Craoladh an clár ar RTÉ Lyric FM an mhí seo caite.

Agus é ag labhairt le Tuairisc faoin mbua, dúirt an Paorach gur dea-scéal a bhí ann dóibh siúd a bhíonn ag plé leis an nGaeilge go raibh píosa ealaíne sa teanga tar éis dul i bhfeidhm ar mholtóirí na féile.

“Ábhar misnigh dúinn ar fad atá ag plé leis an bhfilíocht agus leis an nGaeilge is ea duais idirnáisiúnta den tsaghas seo, comhartha go bhfuil pobal idirnáisiúnta ann a chuireann suim san obair atá idir lámha againn,” arsa de Paor. “Is iontach an rud é go bhféadfadh dán fé bhaile nach ann dó in iarthar na hÉireann dul i bhfeidhm ar dhaoine sa tslí sin.

Léiríodh Lá dá raibh/One Day ar dtús san Irish Arts Center i Nua-Eabhrac roinnt blianta ó shin agus d’oibrigh de Paor agus Lyn ansin chun é a chur in oiriúint do chlár raidió.

“Is i Nua-Eabhrac a chuireamar tús leis an obair agus le linn na paindéime a chríochnaíomar é, tráth a rabhamar beirt fé ghlas ar dhá thaobh an Atlantaigh, gan cead siúil againn ach ar bhóithre na samhlaíochta amháin!”

D’oibrigh de Paor agus Lyn  lena chéile ar thograí eile roimhe seo, ina measc ceoldráma bunaithe ar Thóraíocht Dhiarmuid agus Ghráinne.

D’éirigh go maith le RTÉ ag na New York Festivals Radio Awards i mbliana agus an gradam do ‘Craoltóir na Bliana’ buaite ag an gcraoltóir náisiúnta. Bhuaigh roinnt eile de chláir RTÉ gradaim óir freisin.

Ainmníodh 56 saothar ar fad ón tír seo do na gradaim agus bhí cláir ó Ocean FM, WLR FM agus Newstalk i measc na stáisiún a fuair ainmniúchán.

Fág freagra ar 'Gradam idirnáisiúnta raidió buaite ag clár bunaithe ar fhilíocht Louis de Paor'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Comhghairdeachas leat a Louis agus led’ chomhoibritheoir Dana Lyn. Mo ghraidhin go deo sibh!

  • Mise Áine

    Maith sibh, agus comhghairdeachas libh uilig!

  • Fidelma

    Comhghairdeas o chroi le Louis agus lena chomhbhádóirí.