Tá gradam Ghlór na nGael 2019 le bronnadh ar Shéamus agus Seán Mac Seáin, an bheirt deartháireacha as Béal Feirste a bhfuil aithne i bhfad agus i ngearr orthu mar ghníomhaithe teanga agus pobail a bhfuil a lorg fágtha acu ar shaol na Gaeilge.
Dúirt Glór na nGael go raibh “an-áthas” orthu gur ar Shéamus agus Seán Mac Seáin a bhronnfaí gradam na bliana seo, beirt a bhfuil a saol caite acu “ag tacú le forbairt na Gaeilge”.
Is iomaí togra teanga agus pobail a raibh baint acu leis in imeacht na mblianta, ina measc bunú Chultúrlann MacAdam/Ó Fiaich bunú Bhunscoil Phobal Feirste, bunú Choláiste Feirste agus bunú ‘Ghaeltacht Bhóthair Seoighe’, an chéad ‘Ghaeltacht uirbeach’.
Bronntar Gradam Ghlór na nGael ar dhaoine a shíltear éacht a bheith déanta acu ar son na Gaeilge.
Rinne Cathaoirleach Ghlór na nGael, an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey, comhghairdeas le muintir Mhic Sheáin.
Bronnfar Gradam Ghlór na nGael ar Shéamus agus ar Sheán Mac Seáin Ócáid Bhronnta Ghlór na nGael a bheidh ar siúl ar an 9 Feabhra in Óstán an Ghlasáin i gcontae na hIarmhí.
Fág freagra ar 'Gradam Ghlór na nGael 2019 le bronnadh ar Shéamus agus Seán Mac Seáin'