Gradam Gàidhlig bronnta ag Prionsa Charles na Breataine Bige ar Iodálach ag Mòd na hAlban

Rugadh agus tógadh Colajezzi in Abruzzo na hIodáile, ach bhog sé go hAlbain cúig bliana ó shin agus thosaigh ag foghlaim na Gàidhlig. Bhronn Prionsa Charles na Breataine Bige an gradam air ag Mòd Nàiseanta Rìoghail na hAlban

Gradam Gàidhlig bronnta ag Prionsa Charles na Breataine Bige ar Iodálach ag Mòd na hAlban

Tá gradam foghlama Gàidhlig bronnta ag Charles, mac Bhanríon Shasana, ar Iodálach ag Mòd na hAlban.

Screen Shot 2016-10-18 at 19.47.12
Carmine Colajezzi

Bhronn an Prionsa Charles an gradam ar Carmine Colajezzi, rothaí, inné le linn na féile Gàidhlig atá ar siúl faoi láthair sna hEilean Siar. Bronnadh an gradam ar Colajezzi mar gheall ar “an dul chun cinn mór” atá déanta aige agus é ag foghlaim na teanga.

Rugadh agus tógadh Colajezzi in Abruzzo na hIodáile, ach bhog sé go hAlbain cúig bliana ó shin agus thosaigh ag foghlaim na Gàidhlig i ndiaidh dó turas rothaíochta a dhéanamh timpeall na nEileanann Siar agus na gceantar Gaelacha eile.

D’fhreastail sé ar chúrsaí ag Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sciathánach le barr feabhais a chur ar a chuid scileanna teanga. Ó shin i leith, tá páirt glactha aige i gcláracha raidió Gàidhlig agus imeachtaí eile teanga agus cultúir.

“Lá mór i stair Mòd Nàiseanta Rìoghail a bhí ann inniu, agus i stair na nEileanann Siar freisin, tá mé cinnte. Is maith atá an gradam seo  tuillte ag Carmine, tá a chuid díograis agus dúthrachta le moladh,” a dúirt Iain MacLeòid, Ceannasaí an Chomuinn Ghaidhealaich, an eagraíocht a chuireann an Mòd ar siúl.

Ghlac iomaitheoirí ón Spáinn, ón tSiombáib agus ón Araib Shádach páirt i gcomórtais an Mhòd i mbliana.