Gradam Gaeilge buaite ag ‘Flosc‘ Chomhairle Cathrach Chorcaí

Bhí comhairlí as na ceithre chúige ainmnithe as tionscnaimh dá gcuid a chuir an Ghaeilge chun cinn

Gradam Gaeilge buaite ag ‘Flosc‘ Chomhairle Cathrach Chorcaí

Bhuaigh ‘Flosc’, togra de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí, an gradam don ‘Tionscnamh Gaeilge Is Fearr’ ag Gradaim Uile-Éireann na bPobal agus na gComhairlí 2025.

Bronnadh na gradaim in óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh le deireanas.  Bhí comhairlí as na ceithre chúige ainmnithe as tionscnaimh dá gcuid a chuir an Ghaeilge chun cinn i gcaitheamh na bliana 2024.

D’éirigh le Flosc, a d’eascair as an gcomharghrúpa filíochta Cairde Peann agus Páir a bhíonn ag teacht le chéile i Leabharlanna Chathair Chorcaí, an ceann is fearr a fháil ar ainmnithe eile as Dún na nGall, Sligeach, Gaillimh, agus Baile Átha Cliath.

Ba iad na tograí Gaeilge eile a ainmníodh ‘Líonra Leitir Ceanainn’, ‘Stair Shráideanna Shligigh’, ‘Gaillimh le Gaeilge’, agus ‘Turas Óir’.

Anuraidh cuireadh cúig chiliméadar eile le Glasbhealach Mór an Iarthair, ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal i nGaeltacht Acla, agus ainmníodh an tionscnamh sin sa rannóg ‘Rian/Uiscebhealach Is Fearr in Éirinn’ ach níor bronnadh an gradam air.

Níor éirigh leis an tionscadal de chuid Bhaile Átha Cliath le Gaeilge ‘Turas Óir’ sa rannóg ‘Tionscnamh Turasóireachta Is Fearr’ ach an oiread. Clár tacaíochta do ghnólachtaí turasóireachta atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid agus teacht i dtír ar an “spéis dhomhanda” atá sa Ghaeilge”.

Bronntar Gradaim Uile-Éireann an bPobal agus na gComhairlí “le haird a tharraingt ar an obair a dhéantar i bpobail áitiúla” agus le haitheantas a thabhairt do dhaoine agus do ghrúpaí a “chuireann leis an saol”. Bronntar gradaim ar na húdaráis áitiúla féin freisin as tionscnaimh a reáchtáil a chuireann feabhas ar an saol.

Tá na gradaim á mbronnadh le 19 mbliana anuas. Ainmníodh 311 togra agus duine ó 31 ceantar comhairle agus bhí 137 ainmní ar an ngearrliosta sna 27 rannóg sa deireadh.

Fág freagra ar 'Gradam Gaeilge buaite ag ‘Flosc‘ Chomhairle Cathrach Chorcaí'