Gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ le bronnadh ag na Irish Book Awards den chéad uair riamh i mbliana

Dúirt Alastair Giles, Stiúrthóir na Irish Book Awards go bhfuil ‘an-áthas orthu go raibh tús á chur le catagóir speisialta do leabhair Ghaeilge’

Gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ le bronnadh ag na Irish Book Awards den chéad uair riamh i mbliana

Tadhg Mac Dhonnagáin le Breandán Ó hEaghra

Beidh duais á bronnadh ar ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards, den chéad uair riamh i mbliana.

Fógraíodh an chatagóir nua ‘Gradam na Gaeilge’, atá dírithe ar leabhair do dhaoine fásta, ag seoladh suíomh úr Irish Book Awards in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath inné.

Fógraíodh chomh maith ag an ócáid chéanna go mbeidh an chatagóir nua Gaeilge urraithe ag ‘Love Leabhar Gaeilge’, feachtas a chuireann leabhair nuafhoilsithe Gaeilge chun cinn.

Is fiontar é Love Leabhar Gaeilge de chuid an chomhlachta margaíochta Gaeltachta Meas Media, atá lonnaithe i gConamara, agus tá sé maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Breandán Ó hEaghra, bunaitheoir Meas Media, gur “bua suntasach í an chatagóir nua seo d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge, do scríbhneoirí na Gaeilge agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.

“Tá na Irish Book Awards ar an ócáid cheiliúrtha litríochta is mó sa tír seo. Is éard a léiríonn sé seo anois go bhfuil scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge ar aon leibhéal leis an gcaighdeán litríochta is airde sa tír,” arsa Ó hEaghra. 

Dúirt Alastair Giles, Stiúrthóir na Irish Book Awards go raibh “an-áthas orthu go raibh tús á chur le catagóir speisialta do leabhair Ghaeilge”.

Is rud é a bhí ar intinn againn le roinnt blianta anuas agus seans go raibh muid gann ar an saineolas a bhí ag teastáil ónár bhfoireann féin.

De bharr na comhpháirtíocht seo le Love Leabhar Gaeilge, tá muid an-sásta agus muiníneach go gcuirfidh an fhorbairt seo go mór leis an imeacht.”

Tabharfar deis don phobal agus d’fhoilsitheoirí ainmniúcháin a chur chun cinn don ghearrliosta san fhómhar.

Fág freagra ar 'Gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ le bronnadh ag na Irish Book Awards den chéad uair riamh i mbliana'