Gradam CLG le bronnadh ar Chiarán Ó Feinneadha, duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG

Reáchtálfar Gradaim an Uachtaráin CLG i bPáirc an Chrócaigh anocht agus is é Ó Feinneadha atá roghnaithe chun an Gradam Gaeilge a fháil.

Gradam CLG le bronnadh ar Chiarán Ó Feinneadha, duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG

Ciarán Ó Feinneadha. Pictiúr: Seán T Ó Meallaigh

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna go mbronnfar gradam speisialta ar Chiarán Ó Feinneadha as an obair atá déanta aige an CLG a chur chun cinn trí Ghaeilge.

Reáchtálfar Gradaim an Uachtaráin CLG i bPáirc an Chrócaigh anocht agus is é Ó Feinneadha atá roghnaithe chun Gradam na Gaeilge a fháil.

Tá a shaol caite ag Ó Feinneadha ag plé le cúrsaí CLG agus le cúrsaí na Gaeilge.

Bhí Ó Feinneadha ar dhuine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG, cumann lánGhaeilge chathair Bhaile Átha Cliath, a bunaíodh in 2010 agus is é atá ina Chathaoirleach ar an gcumann faoi láthair.

Chaith sé cúig bliana mar bhainisteoir ar fhoireann pheile an chumainn agus bhain siad an-chuid amach faoina cheannas.

D’imríodh Ó Feinneadha le Clann Choláiste Mhuire i mBaile Átha Cliath, club a d’fhreastail ar iarscoláirí Choláiste Mhuire, Gaelcholáiste aitheanta a bhíodh ar Chearnóg Pharnell, agus bhí sé lárnach ar fhoireann ré órga an chumainn idir 1978-1983 nuair a d’éirigh leo dul ón ngrád na Sóisear C go grád na Sinsear.

Chaith sé tréimhsí ar Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, mar Oifigeach Gaeilge ar Choiste Chontae Átha Cliath, ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ar Chomhchoiste Iománaíochta an Oireachtais. 

Bhí Ó Feinneadha ar dhuine de bhunaitheoirí an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse a bhain TG4 amach agus bhí sé lárnach i mbunú trí Ghaelscoil i Leamhcán – (Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Coláiste Cois Life) agus bhí baint ghníomhach aige i gcónaí le Conradh na Gaeilge agus Ógras.

Bronnfar na gradaim eile ar Sheán Treacy (Gradam Uladh), Michael Wall (Gradam na Mumhan), Noreen Corcoran (Gradam Chonnacht), Mick Spain (Gradam Laighean), Kathleen Colreavy (Gradam LGFA), Deirdre McGrath (Gradam Camógaíochta), Tony Breen (Gradam Liathróid Láimhe), an Bráthair James Dormer (Gradam Oideachais) Hugh Duggan (Gradam Idirnáisiúnta) agus ar mhuintir Smith (Gradam Clainne).

Rinne Uachtarán CLG, Seán Ó hÓráin, comhghairdeas le na buaiteoirí uile agus ghabh sé buíochas leo as an tiomantas atá léirithe acu do CLG.

“Is iontach an deis í an ócáid thábhachtach seo chun aitheantas a thabhairt do dhaoine fíorspeisialta a bhfuil a saol caite acu ag freastal ar a bpobal agus ar Chumann Lúthchleas Gael. Léiríonn na daoine breátha seo an t-ádh atá ar Chumann Lúthchleas Gael daoine cumasacha forásacha dá leithéid a bheith i gcroílár an chumainn seo agus iad ina n-inspioráid againn ar fad.”.

Déanfaidh TG4 craoladh beo ar an ócáid i bPáirc an Chrócaigh óna 7.30pm.

Fág freagra ar 'Gradam CLG le bronnadh ar Chiarán Ó Feinneadha, duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG'

  • Cluain Sceach

    Tuillte go maith ag Ciarán. Go maire sé!

  • Niall Comer

    Go huile is go hiomlán tuillte aige. Comhghairdeas, a chara.

  • Colmán Ó Drisceoil

    Comhghairdeas le Ciarán, tuillte go maith aige, ‘gníomhaí teanga’ má bhí a leithéid ann riamh. Nár bhreá dá n-imeodh sé san iomaíocht don Dáil nó do Pháirlimint na hEorpa, ach b’fhéidir go bhfuil sé ró-ghnothach le fíor-obair le tabhairt faoina leithéid. Ba bhreá an leabhar a bheadh le scríobh aige agus níor cheart aon ghradam eile a bhronnadh air – seachas an 346 atá faighte go dtí seo aige – go dtí go mbíonn dréacht a shaothair ag Coiscéim.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Comhghairdeas ó chroí leat, a Chiaráin. Aitheantas agus gradam agus buíochas ag dul dhuit. ag fanacht ar an leabhar anois!

  • Bláthnaid+Seán Ó Brádaigh

    Bail ó Dhia ort a Chiaráin – gradam eile lántuillte agat, mar a bhí nuair a bronnadh Gradam an Phiarsaigh ort i 2013. Go maire tú an céad agus bliain lena hais…. Táimid uilig an-bhródúil asat.