Gradam buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus aitheantas tugtha do dhuine de mhórGhaeil Bhéal Feirste

Cuireadh Fergus Ó hÍr, a bhí ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte go dtí le gairid, le Rolla Onóra Ghradaim na hAislinge

Gradam buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus aitheantas tugtha do dhuine de mhórGhaeil Bhéal Feirste

Tá gradam buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste as an obair a rinne siad le linn na paindéime.

Bronnadh gradam Coinnigh an Misneach Fhoras na Gaeilge ar an gCultúrlann ag searmanas bronnta Ghradaim na hAislinge le déanaí.

Bunaíodh na gradaim chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil obair déanta acu ar son an phobail i mBéal Feirste.

Tugadh aitheantas speisialta i mbliana dóibh siúd a chuir seirbhísí ar fáil don phobal le linn na paindéime Covid-19. Bronnadh gradam na Gaeilge ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich as an obair a rinne siad chun imeachtaí a chur ar fáil le linn na dianghlasála.

“Tá an Chultúrlann fréamhaithe sa phobal agus ba thosaíocht, agus cúis áthais, dúinn go raibh muid ábalta soláthar leathan ealaíon, oideachais agus siamsaíochta a chur ar fáil do gach duine sa phobal, agus go bhfuil go fóill. B’ábhar mór sásaimh dúinn a bheith in ann comhoibriú le healaíontóirí agus éascaitheoirí iontacha le linn na paindéime,” a dúirt Brónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Mhol Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir na Cultúrlainne, an fhoireann go hard as an obair a rinne siad i mbliana.

“Ní raibh lá moille ar fhoireann na Cultúrlainne dul i ngleic leis an dúshlán ollmhór a bhain le clár iomlánaíoch, inspioráideach ealaíon agus cultúir a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin i bhfoirm dhigiteach ar líne, agus laincisí orthu i rith an ama nach bhfacthas a leithéid riamh. Sháraigh siad na constaicí cumarsáide a bhain le bheith ag obair sa bhaile scartha amach óna chéile, agus d’fhoghlaim siad scileanna nua teicniúla go fonnmhar.

“Ní hamháin gur fhreastail siad ar phobal na Cultúrlainne, daoine de gach aois atá ag tarraingt ar an áit le tamall, ach d’éirigh leo lucht féachana nua a mhealladh fud fad na tíre, agus as achan chearn den domhan go deimhin. Molaim a ndúthracht agus a ndiongbháilteacht.”

Rinne Ní Ghilín comhghairdeas leis na grúpaí Gaeilge eile a bhí ar an ghearrliosta, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus Glór na Móna.

Tugadh aitheantas ar leith do Fergus Ó hÍr ag na gradaim agus é curtha le Rolla Onóra Ghradaim na hAislinge. Bhí Ó hÍr ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste go dtí le gairid agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an stáisiúin raidió pobail.

Bhí sé ina bhunaitheoir agus ina phríomhoide freisin ar Mheánscoil Feirste, a bhíodh lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich tráth.

Thréaslaigh Gráinne Ní Ghilín a ghradam le Ó hÍr thar ceann na Cultúrlainne.

“Tá lúcháir mhór ar fhoireann na Cultúrlainne go bhfuil Fergus Ó hÍr curtha le Rolla Onóra Ghradaim na hAislinge. Níl deireadh leis na gaiscí atá déanta ag Fergus ar son phobal na Gaeilge le tuairim is leathchéad bliain anuas i réimsí éagsúla, oideachas agus craoltóireacht san áireamh, gan ach cúpla ceann a lua.

“Mar phríomhoide ar Mheánscoil Feirste, a bhíodh lonnaithe sa Chultúrlann sna 1990idí, chuidigh sé leis an scoil fás agus bláthú. Chuir sé dúshraith daingean faoi Raidió Fáilte fosta, atá anois lonnaithe i bhfoirgneamh suntasach, saincheaptha den chuid is nua-aimseartha gar do lár na cathrach.

“Níl Gael sa chathair nár imir Fergus dea-thionchar orthu. Gabhaimid comhghairdeas leis as áit a bhaint amach ar an Rolla Onóra agus gabhaimid buíochas ó chroí as a bhfuil déanta aige. Guímid gach rath air sa todhchaí.”

Fág freagra ar 'Gradam buaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus aitheantas tugtha do dhuine de mhórGhaeil Bhéal Feirste'