Gradam bronnta ag Michael Murphy ar scoil Ghaeltachta i nDún na nGall

Bhronn an t-imreoir idirchontae an ‘Michael Murphy Sports and Leisure School Stars’ Award ar Ghairmscoil Chú Uladh an Chlocháin

Gradam bronnta ag Michael Murphy ar scoil Ghaeltachta i nDún na nGall

Tá an Michael Murphy Sports and Leisure School Stars’ Award buaite ag Gairmscoil Chú Uladh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tugadh aitheantas do scoil an Chlocháin as cúrsaí folláine agus sláinte a chur chun cinn sa scoil le bliain anuas. I measc na n-imeachtaí a d’eagraigh an scoil bhí aonach aclaíochta, rás 5km agus Seachtain Scoile Ghníomhaí. Ba í Gairmscoil Chú Uladh an chéad scoil i dTír Chonaill ar bronnadh Brat Scoile Gníomhaí orthu de bharr an imeacht áirithe sin.

Luach €250 d’fheisteas traenála a bhuaigh an scoil mar chuid den ghradam agus thug réalta peile Dhún na nGall Michael Murphy cuairt ar an scoil chun a nduais a bhronnadh ar na daltaí. Thréaslaigh Murphy a mbua leis na daltaí.

“Comhghairdeas leis na daltaí uile i nGairmscoil Chú Uladh as ucht na ngaiscí atá déanta acu. Bhí sé go hiontach casadh leis na daltaí agus na múinteoirí uile, a bhfuil aitheantas tuillte acu de bharr na hoibre uile atá déanta acu,” a dúirt Michael Murphy.

Ba í Aoife Nash, múinteoir sa scoil, a chuir Gairmscoil Chú Uladh chun cinn don ghradam agus ghabh sí buíochas leis na hurraitheoirí as an bhfeisteas traenála.

“Tá áthas an domhain orainn an MMS School Stars’ Award don téarma seo a bhuachan. Thaitin sé go mór leis na daltaí casadh le Michael agus is cinnte go mbainfidh an scoil an-úsáid as an bhfeisteas traenála uile.”

Bhunaigh Michael Murphy an gradam mí Dheireadh Fómhair seo caite chun aitheantas a thabhairt do dhaltaí agus scoileanna a dhéanann éacht i rith na scoilbhliana. Is féidir le scoil ar bith i nDún na nGall, bunscoil nó meánscoil, cur isteach ar an ngradam, a bunaíodh chun aitheantas a thabhairt d’obair acadúil, do shaothar ealaíne, nó do ghaisce spóirt.

Ní hí seo an chéad uair ag Gairmscoil Chú Uladh aitheantas a fháil i réimse na folláine. Bhuaigh coiste sláinte na scoile gradam uile-Éireann mar chuid de thionscnamh ‘Living for Sport’ Sky Sports anuraidh. Anuraidh chomh maith, ainmníodh iad ar cheann de na trí scoil is fearr in Éirinn ag Gradaim Scoileanna Gníomhacha na hEorpa.

Fág freagra ar 'Gradam bronnta ag Michael Murphy ar scoil Ghaeltachta i nDún na nGall'