Gradaim speisialta bronnta ar dhaltaí a fuair marcanna arda i nGaeilge an Teastais Shóisearaigh

D’fhreastail breis agus 100 scoláire ó scoileanna ar fud an iarthair ar shearmanas san ollscoil le gairid agus Gradaim Aitheantais á mbronnadh ar dhaltaí ar éirigh leo marc idir 90% agus 100% a bhaint amach i scrúdú ardleibhéil na Gaeilge

Gradaim speisialta bronnta ar dhaltaí a fuair marcanna arda i nGaeilge an Teastais Shóisearaigh

Tá gradaim speisialta bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí dara leibhéal ar éirigh leo marcanna arda a bhaint amach i scrúduithe Gaeilge an Teastais Shóisearaigh.

D’fhreastail breis agus 100 scoláire ó scoileanna ar fud an iarthair ar an searmanas san ollscoil le gairid agus Gradaim Aitheantais á mbronnadh ar dhaltaí ar éirigh leo marc idir 90% agus 100% a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil na Gaeilge.

Áirítear na scoláirí seo i measc an 2.6% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 3.6% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa Teastas Sóisearach in 2022.

Fiona Ní Cheallaigh ó Scoil Phobail an Chlocháin, Co na Gaillimhe, lena múinteoir Aisling Ní Chormaic, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe

Ag an ócáid a reáchtáladh i Halla Bailey Allen, rinne Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, comhghairdeas leis na scoláirí, a dteaghlaigh agus lucht foirne na scoileanna a bhí i láthair.

“Tá mé chomh sásta go bhfuil ar ár gcumas ómós a thaispeáint don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí, i bhfianaise go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn ar fad anseo san Ollscoil agus go bhfuil an Ghaeilge chomh lárnach inár bhféiniúlacht,” a dúirt sé.

Daltaí ó 36 scoil as Co. Dhún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe a fuair gradaim.

Dúirt an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe gur léir gur “scoláirí eisceachtúla” a bhí iontu siúd a fuair gradam agus gur údar misnigh a bhí ann do thodhchaí na teanga.

Reáchtáladh an ócáid mar chuid de straitéis na hOllscoile don Ghaeilge.

Micheál Gillhooly ó Meánscoil na mBraithre Críostaí, Ros Comáin, lena mhúinteoir Noel Ó Móráin, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe
Niamh Ní Thuaithe ó Coláiste na Daoile, Ráth Bhóth, Co. Dún nan Gall, lena múinteoir Treasa Níc Fhionnghaile agus Cairméal Uí Mhaolagáin, agus an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe
Lorraine Lacey agus Mae Kivlehan ó Scoil Mhuire, Inis Díomáin, Co an Chláir, lena múinteoir, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe

Fág freagra ar 'Gradaim speisialta bronnta ar dhaltaí a fuair marcanna arda i nGaeilge an Teastais Shóisearaigh'