Gradaim do na haistí Gaeilge is fearr sna scrúduithe stáit faighte ag beirt as Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua

Reáchtálann an Roinn Oideachais na gradaim seo chun ‘scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh’

Gradaim do na haistí Gaeilge is fearr sna scrúduithe stáit faighte ag beirt as Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua

Caoimhe Ní Thuathail agus Brian Mac Donncha

Fuair Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua dea-scéala an tseachtain seo agus gradaim bronnta ar bheirt dá scoláirí as na haistí is fearr a scríobhadh do scrúduithe stáit na bliana seo caite.

D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo gur bronnadh ceithre ghradam ar cheathrar daltaí iarbhunscoile a rinne scrúduithe stáit sa nGaeilge in 2018.

Scoláirí as Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara a thug leo péire de na gradaim. Fuair Caoimhe Ní Thuathail, as Tír an Fhia, an teastas barr feabhais d’aiste an Teastais Shóisearaigh agus scríobh sí faoin ábhar ‘An t-ábhar scoile is fearr liom’, rud a thug deis di, a dúirt sí, tábhacht na Gaeilge ina saol a phlé.

Brian Mac Donncha, as an gCeathrú Rua, a fuair an gradam don aiste ab fhearr i scrúdú na hArdteiste.

‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht sa bhliain 2018’ an t-ábhar a roghnaigh Brian. Is beag an baol ach go raibh neart tuairimí spéisiúla ag beirt Chonamara agus an taithí mhór atá ag an mbeirt ar an díospóireacht. Bhí an bheirt chumasach seo ar fhoirne buacacha a scoile i gComórtas Uí Chadhain Gael Linn agus a dteanga dhúchais ar a dtoil acu beirt.

Deir Brian Mac Donncha go bhfuil an-suim aige féin i gcúrsaí polaitíochta agus rialtais, agus is údar dóchais don Ghaeltacht agus dá pobal misneach seo na hóige.

Táimid fós ag fanacht le hainmneacha an bheirt sárscríbhneoirí eile ón Roinn Oideachais.

Reáchtálann an Roinn Oideachais na gradaim seo chun “scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh”. Deir an Roinn go mbítear ag súil le ‘hardchaighdeán ar fad ó thaobh cruinnis agus úsáid na Gaeilge de” agus le “húrnuacht sna tuairimí a chuirtear i bhfriotal”. 

Scrúdaitheoirí a cheartaíonn na páipéir scrúdaithe a dhéanann moltóireacht ar na gradaim seo agus a roghnaíonn an dá aiste is fearr as aistí uile an Teastais Shóisearaigh agus an péire is fearr i scrúdú na hArdteistiméireachta. Cuireadh béim ar leith ar ‘líofacht stíle agus comhréire’ sa mholtóireacht.

Fág freagra ar 'Gradaim do na haistí Gaeilge is fearr sna scrúduithe stáit faighte ag beirt as Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua'

  • Máire De Bhaldraithe

    Maith sibh, SCC
    Maith sibh a Chaoimhe agus a Bhriain.

  • Mairéad Mhic Dhonncha

    Maith sibh agus comhghairdeas le SCC.

  • Treasa Uí Lochlainn

    Nár laga Dia sibh a Chaoimhe agus a Bhrian, cá bhfágfadh sibh é .