Gradaim do bhuaicphointí faisin agus stíle na bliana 2016

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ag machnamh ar an mbliain 2016 agus na táirgí náisiúnta agus idirnáisiúnta ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi

Gradaim do bhuaicphointí faisin agus stíle na bliana 2016

Tá sé tráthúil ag an am seo bliana breathnú siar ar an mbliain atá imithe agus aitheantas a thabhairt do na rudaí a chuaigh i gcion ar dhuine le 12 mhí anuas. Seo iad na ‘gradaim’ neamhoifigiúla atá á mbronnadh agamsa i saol an fhaisin agus na stíle do 2016. 

Suíomh gréasáin/blag

The Coveteur – suíomh gréasáin an-cháiliúil faoi chúrsaí faisin; tugann breis agus 4 mhilliún duine cuairt air gach mí le pictiúir agus scéalta a fheiceáil faoi réalta agus daoine mór le rá eile. Bíonn béim ar leith ar rogha fhaiseanta éadaigh, smideadh ar ardchaighdeán agus na réalta seo faoi agallamh ina n-áiteanna cónaithe féin. Tá ardchaighdeán scríbhneoireachta agus grianghrafadóireachta ar an suíomh a bunaíodh in 2011. Is cinnte gurbh é an suíomh faisin is mó ar thug mise cuairt air le linn 2016.

Clár faisnéise

Bhain mé an-sult go deo as “Absolutely Fashion: Inside British Vogue” a rinne an BBC thar thréimhse naoi mí agus a craoladh i Meán Fómhair na bliana seo. Ba í seo an chéad uair i stair na hirise, atá os cionn 100 bliain d’aois, gur tugadh cead scannánaíochta do cheamaraí teilifíse in oifigí Vogue i Londain. Chomh maith leis an taobh gleoite, tarraingteach de thionscal an fhaisin, tugadh tuiscint dúinn freisin ar an taobh eile, an saol éadomhain, míthrócaireach sin atá dírithe ar shaint agus ar airgead.

Dearthóir 

Ba í Victoria Beckham, a bhí tráth ina ball de ‘Spice Girls’, ach a bhfuil seasamh domhanda anois aici is mó a tharraing m’aird in 2016. Tá sí 42 bliain d’aois agus ceathrar páistí aici féin agus a fear céile, David Beckham, ach is ag dul ó neart go neart atá sí mar dhearthóir faisin; deirtear gur fiú £240 milliún anois í.  D’oscail sí tuilleadh siopaí le linn na bliana, sheol sí sraith nua de mhálaí láimhe agus chuaigh sí i bpáirt le Estee Lauder le táirgí nua smididh a chuir ar an margadh.

Iris

Is deacair an iris U Magazine a shárú gach coicís do scéalta nuachta (agus ráflaí, go deimhin) faoi na réaltaí mór le rá, chomh maith le leidí faoi mharg faisin, scéalta faoi thaisteal agus comhairle mhaith faoi iliomad ábhar. Ó tharla gur foilseachán de chuid na tíre seo é, bíonn na hearraí ar a mbíonn cur síos orthu san iris le fáil go héasca sna siopaí anseo. Cé go bhfuil U Magazine ar fáil ón mbliain 1979, ba í mo rogha irise í don bhliain 2016.

Mainicín

Níl Taylor Hill as Colorado Mheiriceá ach 20 bliain d’aois ach tá lucht leanúna mór aici cheana féin agus níl dabht ar bith ach gurb í ‘mainicín na bliana 2016’ í.  Ghlac sí páirt sna seónna móra ag Chanel, Dolce & Gabbana agus Giorgio Armani ach seans gur ócáid seolta de chuid Victoria’s Secret – a raibh na scórtha milliún duine ag féachaint air ar an teilifís ar fud an domhain – is mó a tharraing aird uirthi. Níl blianta an déagóra ach fágtha aici le gairid ach tá 6.1 milliún duine á leanúint ar Instagram – sin anois éacht!

Leabhar

Ó tharla go raibh mé an-tógtha go deo leis an chéad leabhar Pretty Honest ó Sali Hughes ní ábhar iontais ar bith é go roghnóinn an saothar is deireanaí uaithi,  Pretty Iconic, mar mo rogha leabhair do 2016. Tugann sí cuntas ar bhreis agus 200 táirge a bhfuil stádas mórchlú acu agus atá ar na hearraí is fearr agus is éifeachtaí a mbeadh suim iontu ag duine ar bith ar spéis leo cúrsaí faisin agus stíle. Níl ach focal amháin agam ar an leabhar seo – bíobla!

Táirge smididh

Bhain mé triail as an iliomad táirgí smididh nua le linn na bliana ach ó tharla gur ceann amháin atá le piocadh agam caithfidh mé ‘Cover FX Custom Enhancer Drops’ a roghnú mar rogha don bhliain. Aibhsitheoir den chéad scoth atá ann agus an-difriúil ó na cinn eile atá ar an margadh. Caithfidh tú é a úsáid go deas réidh mar go bhfuil oiread loinnreach ann. Tá sé cinn de dhathanna éagsúla ar fáil agus tá péire acu chomh dorcha sin go bhféadfaí iad a úsáid mar dhonnaitheoirí.  Ar fáil ó Harvey Nichols agus Space Nk ar £34.

Earra cúram cnis

Bíonn sé i gcónaí an-deacair rogha a dhéanamh agus oiread earraí nua cúram cnis ag teacht ar an margadh lá i ndiaidh lae. Ach is é an masc aghaidhe le heinsím puimcín ó Peter Thomas Roth ar €34.30 an táirge is fearr liom ón mbliain atá caite anois.  Tá boladh puimcín agus cainéil air agus fágann do chraiceann an-bhog go deo. Ní theastaíonn ach idir trí agus seacht nóiméad uait le go bhfaighidh tú tairbhe as. Is fiú go mór é a úsáid an oíche roimh ócáid mhór éigin agus fágfaidh sé do chuid smididh ag breathnú iontach ar do chraiceann.

Siopa

Níl ‘And Other Stories’ ach díreach tar éis an tsiopa nua acu a oscailt ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath ach is fada mé ag fanacht leo! Ó theaghlach H&M na Sualainne an siopa seo – agus is leo freisin siopaí COS, Monki, Weekday agus Cheap Monday. Bíonn éadach simplí agus an-chlasaiceach ó na tíortha Lochlann a ndíol ag ‘And Other Stories’ chomh maith le seodra agus earraí áilleachta eile. Tá a gcuid praghsanna réasúnta agus seirbhís an-mhaith ar líne acu freisin.

Táirge faisin nua

Bhí bliain dhochreidte ag Pippa O’Connor in 2016 agus éileamh ollmhór ar a leabhair nua ach is í an tsraith de jíons nua a sheol sí faoin teideal ‘Poco by Pippa’ mo rogha féin mar tháirge nua faisin do 2016. Is cosúil go raibh sí ag smaoineamh le tamall roimhe sin ar iarracht a dhéanamh baill éadaigh a dhearadh ach rith sé léi gur jíons is mó a chaitheann sí féin agus bheartaigh sí a cumas cruthaitheach a chur ag obair sa treo sin. Tá cúig cinn de stíleanna éagsúla jíons sa tsraith a sheol sí agus ard-éileamh orthu. Thar aon ní eile, is jíons fíorchompordach iad sa bhreis ar a bheith faiseanta agus galánta.

Agus mar fhocal scoir, guím Nollaig shona oraibh ar fad, a léitheoirí!

 

Fág freagra ar 'Gradaim do bhuaicphointí faisin agus stíle na bliana 2016'