Gradaim buaite ag péire de chláracha TG4 ag féile Eorpach

Thug ‘Samhlú 2020’ agus ‘Is Olc an Ghaoth’ gradaim leo ag PRIX CIRCOM 2021

Gradaim buaite ag péire de chláracha TG4 ag féile Eorpach

Tá gradaim buaite ag péire de chláracha TG4 ag féile idirnáisiúnta léiriúcháin.

Thug Samhlú 2020 agus Is Olc an Ghaoth gradaim leo ag PRIX CIRCOM 2021, gradaim a thugann aitheantas do na léiriúcháin réigiúnacha is fearr san Eoraip.

Bhain Samhlú 2020 an chéad áit amach sa rannóg ‘Clár is Úrnua agus is Nuálaí’. Togra ealaíne idir TG4 agus Clár Éire Ildánach a bhí ann agus moladh é as ardán agus ardú meanma a thabhairt d’ealaíontóirí aimsir na paindéime. Meangadh Fíbín a léirigh an clár do TG4.

Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin comhghairdeachas le Fíbín agus le TG4 as an ngradam a thabhairt leo.

“Tá an-mheas againn ar fad ar an tsúil eile ó TG4. Tá an-áthas orm go raibh sé ar mo chumas an clár Samhlú a mhaoiniú. Ba í an uaillmhian a bhí againn ardán a thabhairt do chleachtas cruthaitheach den chéad scoth a raibh borradh faoi ainneoin COVID agus a raibh 126 ealaíontóir ar fud na hÉireann páirteach ann, ceol nuachumtha ón gcumadóir Bill Whelan san áireamh.”

Dúirt an tAire gur “dea-theist” an gradam ar earnáil na léiriúchán neamhspleách in iarthar na tíre.

Sa chatagóir ‘Siamsaíocht agus Drámaíocht’ ag gradaim, bronnadh gradam Ardmholadh ar Is Olc an Ghaoth, clár eile a thug aghaidh ar na dúshláin a bhí cruthaithe ag paindéim an Covid-19. Trí ghearrscannán bhrónacha ach bharrúla lonnaithe ar Oileán Acla a bhí i gceist le Is Olc an Ghaoth, a scríobh Kevin Toolis. Tom Sullivan a bhí ina stiúrthóir ar an gclár agus is í Niamh Fagan a bhí i mbun léiriúcháin.

Bhí 191 iontráil ar fad ó 23 stát san iomaíocht i mbliana i ngradaim Prix CIRCOM, gradaim do chláracha réigiúnacha.

Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont a mbua leo siúd a bhí páirteach sa dá chlár Gaeilge ar bronnadh gradaim orthu.

Dúirt Esslemont go raibh Samhlú 2020  “uaillmhianach agus tábhachtach” agus gur “ceiliúradh ar scoth na n-ealaíon in Éirinn i mbliain a bhí deacair agus nach bhfacthas a leithéid riamh cheana” a bhí ann.

Dúirt sé go raibh rath ar an gcomhpháirtíocht a bhí ag TG4 leis an gClár Éire Ildánach agus go raibh “ríméad” orthu faoin ngradam.

“Ní gá aon ní eile a rá faoi chaighdeán na ndaoine cumasacha a bhí páirteach in Is Olc an Ghaoth, agus is léiriú sin ar an rath a bhíonn ar bhundrámaíocht a léirítear in Éirinn mar go mbíonn sí ábalta teorainneacha a shárú agus spéis lucht féachana idirnáisiúnta a tharraingt,” a dúirt Alan Esslemont.

Fág freagra ar 'Gradaim buaite ag péire de chláracha TG4 ag féile Eorpach'