Gradaim bronnta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar bheirt bhan as Gaeltacht Chonamara

Fógraíodh go bhfuil Gradaim Alumni 2021 faighte ag Áine Ní Chonghaile, an t-údar agus bunaitheoir Europus, agus ar Neansaí Ní Choisdealbha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta

Gradaim bronnta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar bheirt bhan as Gaeltacht Chonamara

Neansaí Ní Choisdealbha agus Áine Ní Chonghaile

Tá sé fógartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go bhfuil gradaim bronnta ar bheirt bhan as Chonamara mar aitheantas ar a saothar.

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil Gradaim Alumni 2021 bronnta ar Áine Ní Chonghaile, bunaitheoir an chomhlachta aistriúcháin Europus, agus ar Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá an bheirt ar an seachtar a bhfuil aitheantas tugtha ag OÉ Gaillimh dóibh as feabhas a gcuid oibre.

An Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil atá faighte ag Áine Ní Chonghaile as Tír an Fhia i gceantar na nOileán i gConamara. Iarchéimí de chuid OÉ Gaillimh í Áine Ní Chonghaile, a bhain céim BA amach in OÉ Gaillimh i 1973 agus a fuair MA ón ollscoil in 1985 agus PhD in 2020. Seoladh a leabhar nua, An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag, an mhí seo caite.

Bronnadh an Gradam Alumni don Ghaeilge ar Neansaí Ní Choisdealbha as Cor na Rón in Indreabhán. Tá Neansaí Ní Choisdealbha ag obair le Raidió na Gaeltachta ó 1986. Láithreoir aitheanta í agus ceapadh í mar Eagraí Ceoil RnaG in 2010. Ceoltóir cumasach í freisin, a bhfuil dhá albam léi eisithe ag Cló Iar-Chonnacht, Draíocht na Feadóige agus An Tower. Bhain sí céim BSc amach in OÉ Gaillimh in 1983 agus Ard-Dioplóma san Oideachas in 1984.

Tá an t-aisteoir Nicola Coughlan, Stiúrthóir Cliniciúil FSS, an Dr Colm Henry agus Rúnaí CLG Chonnacht, John Prenty i measc na n-iarchéimithe eile a bhfuil gradaim á mbronnadh ag OÉ Gaillimh orthu.

Rinne Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, comhghairdeachas leis na buaiteoirí uile agus dúirt go bhfuil sé ag súil le fáilte a chur rompu chuig a n-alma mater an bhliain seo chugainn.

Mar gheall ar an bpaindéim, tá na gradaim Alumni bronnta cheana féin ar bhuaiteoirí na bliana seo. 

Tabharfaidh OÉ Gaillimh cuireadh dóibh filleadh ar an ollscoil chun a ngradaim a cheiliúradh in 2022.

Fág freagra ar 'Gradaim bronnta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar bheirt bhan as Gaeltacht Chonamara'

  • Christine Lowry

    Comhgairdeas o chroi Neansai gura mile as ucht an ceoil & amhrainaoocht a chuireann tu in ar lathair cuile seachtain

  • Treasa Uí Lochlainn

    Go maire sibh bhur ngradaim a mhná 👏👏. Tá sé tuillte go maith agaibh .

  • Meadhbh

    Comhghairdeachas libh!