Tá beirt iriseoirí as Conamara ina measc siúd a bhfuil aitheantas tugtha ag Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) dóibh as an obair atá déanta acu san earnáil ar feadh na mblianta.
Rinne Brainse an Iarthair de chuid an NUJ ceiliúradh le gairid ar bhaill a bhfuil breis is 40 bliain caite acu leis an gceardchumann agus bhí Bernie Ní Fhlatharta agus Máirtín Davy Ó Coisdealbha ar bheirt den ochtar ar bronnadh gradaim orthu.
Mhol Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn obair agus tiomantas na n-iriseoirí a fuair an t-aitheantas seo..
Bronnadh Ballraíocht Saoil ar Ní Fhlatharta, a chaith breis is 30 bliain ag obair leis an Connacht Tribune, agus ar Ó Coisdealbha, a bhí tréimhse fada i mbun na craoltóireachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bronnadh an gradam freisin ar na hiriseoirí Francis Farragher agus John McIntyre agus ar an ngrianghrafadóir Joe O’Shaughnessy ón Connacht Tribune; ar Tom Gilmore, a d’oibrigh leis an Tuam Herald agus Galway Bay FM; ar an ngrianghrafadóir ón Tuam Herald Ray Ryan; agus ar an ngrianghrafadóir Frank Dolan, atá lonnaithe i gCathair na Mart.

Chomh maith lena ballraíocht saoil, bronnadh Suaitheantas Óir NUJ ar Ní Fhlatharta as an “seirbhís dochreidte” a thug sí don cheardchumann.
Agus é ag moladh Bhernie Ní Fhlatharta, arb as Indreabhán ó dhúchas di, dúirt rúnaí Bhrainse an Iarthair, Stephen Corrigan, go raibh sí go mór chun tosaigh in obair an cheardchumainn in iarthar na hÉireann le blianta fada.
“Níl aon duine eile ann a bhfuil an t-aitheantas seo tuillte níos mó acu ná mar atá ag Bernie don tiomantas a léirigh sí don NUJ ar feadh a saoil,” a dúirt Corrigan. “Níl áireamh ar na huaireanta an chloig a chaith sí ag obair ar son a ceardchumainn agus a comhghleacaithe thar na mblianta agus níl sé ach ceart dá réir go ndéanann muid ceiliúradh leis an Suaitheantas Óir as an obair sin don NUJ.”

Rinne Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, comhghairdeachas leo siúd a fuair aitheantas agus thug sé moladh ar leith do Ní Fhlatharta.
“Tá an tseirbhís dhochreidte a thug Bernie don cheardchumann ar feadh na mblianta agus an obair den scoth a rinne sí don Connacht Tribune tar éis tionchar mór a fhágáil ar earnáil na hiriseoireachta in Éirinn,” a dúirt an tUachtarán.
Dúirt sé go raibh iriseoirí áitiúla ina “gcosantóirí ar an daonlathas i measc an ghnáthphobail” agus go raibh obair mhór déanta ag an dream a fuair aitheantas ón NUJ chun an iriseoireacht a chur chun cinn in iarthar na hÉireann.
Fág freagra ar 'Gradaim agus moladh ó Uachtarán na hÉireann faighte ag beirt iriseoirí Gaeltachta'