Gothaí catha á gcur orthu féin cheana ag lucht na gcamán

Agus gan an choicís féin caite sa bhliain nua tá comharthaí ann go mbeidh an-iomaíocht arís sna comórtais go léir in 2019

Gothaí catha á gcur orthu féin cheana ag lucht na gcamán

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhuel tá cúrsaí ag éirí suimiúil cheana féin ó thaobh cluichí CLG. Ní fada anois go gcuirfear tús ceart le rudaí leis na chéad chluichí iomána sa tSraith Allianz. Ná bíodh aon cheist faoi, tá imreoirí idirchontae na tíre luite isteach leis ullmhúchán don séasúr nua cheana féin. Is iontach an dream iad imreoirí an lae inniu a chuireann an oiread sin rudaí ar leataobh chun na cluichí Gaelacha a imirt. Tá an-mheas agam orthu, go háirithe iad siúd atá faoi 21 agus ag freastal ar choláiste éigin. Bíonn mórán tránna á bhfreastal acu ó thaobh an spóirt agus an oideachais.

Aon imreoir atá lándáiríre faoi imirt ag an leibhéal seo bíonn air aire a thabhairt dó féin an t-am ar fad. Déantar a dháiríreacht a thástáil go minic i rith na bliana agus mura mbíonn an obair déanta béarfar air.

Ní féidir le himreoir teacht ar ais i ndiaidh briseadh agus boilgín air. Ná gan cuid mhaith traenála a bheith déanta aige féin le linn an tsosa. Ní féidir ar na saolta seo le himreoir an traenáil a sheachaint nó gan a dhícheall a dhéanamh. Caitear an obair a chur isteach. Mar a deirtear sa rothaíocht‘ní foláir na mílte a bheith curtha díobh ag na cosa’.

Maidir leis an leibhéal aclaíochta a bhíonn i gceist, go háirithe sa pheil, caithfear an cheist a chur, cá stopfaidh sé? Tá an caighdeán chomh hard san go gcaithfear an cheist a chur toisc gur imreoirí amaitéaracha atá i gceist.  I dtosach na 1970idí chuaigh foireann iomráiteach Bhaile Átha Cliath go dtí leibhéal nua ó thaobh na haclaíochta de. Níorbh fhada gur lean Ciarraí iad agus dar ndóigh d’fhan foireann na Ríochta ag an mbarr go dtí lár na 1980idí. Tá an diantraenáil chéanna á déanamh ag iománaithe na tíre anois le fiche bliain anuas. 

Pé rud mar gheall air sin, tá rudaí faoi lán seoil agus na pleananna á leagan síos fad is atá na comórtais éagsúla ar siúl sna cúigí.

Creid é nó ná creid, chuala mé le déanaí gur fhan foireann Thiobraid Árann thar oíche in Óstán in Aonach Urumhan an oíche roimh agus i ndiaidh a gcluiche i gcoinne Luimnigh i sraith na Mumhan. Sin sampla den dáiríreacht seo duit agus teachtaireacht don fhoireann go bhfuil an lucht bainistíochta nua lándáiríre faoin dúshlán atá rompu. Amárach rachaidh siad chun páirce i gcoinne chontae an Chláir i bPáirc na nGael i Luimneach i gcluiche ceannais an chomórtais sin.

Sna cluichí go léir a bhí ann go dtí seo, cuireadh foirne láidir go leor chun páirce agus is amhlaidh a bheidh amárach.

Sa chluiche deireanach a bhí ag an gClár, i gcoinne Phort Láirge seachtain ó shin, bhí chuid maith imreoirí nua ar an bhfoireann acu agus chruthaigh cuid acu go maith ó thaobh scórála.

Tá sé ríshoiléir go bhfuil bainisteoir Thiobraid Árann Liam Sheedy meáite ar nós an bhua a chothú i measc a chuid imreoirí agus cé nach fiú mórán sraith na Mumhan, beidh corn á bhronnadh ag a deireadh agus ba dhearfach an tús é lena dhara tréimhse mar bhainisteoir dá mbeadh an bua amárach acu.

Ní hin le rá nach bhfuil suim ag contae an Chláir an comórtas seo a thabhairt leo. Tá chuid maith rudaí á dtriail acu do dtí seo agus súil acu ar an samhradh agus ar phainéal láidir a chruthú a bheidh ullamh do na cluichí is tábhachtaí.

Nílimid coicís féin isteach sa bhliain nua fós agus tá comharthaí cheana féin ann go mbeidh an-iomaíocht arís sna comórtais go léir in 2019.    

Fág freagra ar 'Gothaí catha á gcur orthu féin cheana ag lucht na gcamán'