Gortuithe ag cur as don bhFrainc ach taithí agus tallann acu

Imreoidh an Chróit in aghaidh na Spáinne agus casfaidh an Fhrainc ar an Eilvéis in EURO 2020 inniu

Gortuithe ag cur as don bhFrainc ach taithí agus tallann acu

Bainisteoir na Fraince, Didier Deschamps. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Chróit v An Spáinn – 5pm

Beidh bainisteoir na Spáinne Luis Enrique ag súil gur cor cinniúnach i bhfeachtas na foirne a bhí sa bhua 5-0 a bhí acu in aghaidh na Slóvaice sa chluiche deireanach sa ghrúpa. Go dtí sin, bhí ag teip ar na Spáinnigh cúil a scóráil, cé go raibh siad go mór i gceannas ina gcluichí in aghaidh na Sualainne agus na Polainne.

Tabharfaidh an bua sin in aghaidh na Slóvaice misneach d’imreoirí Enrique ach ábhar buartha é go fóill taispeántais Alvaro Morata, átá roghnaithe mar thosach ag an Spáinn sna trí chluiche go dtí seo. Cúl amháin atá aimsithe ag Morata sa chomórtas ach tá scata mór deiseanna curtha amú aige. Tá go leor díospóireachta á déanamh faoin tosach sna meáin sa Spáinn agus is léir go bhfuil an chaint ag cur a thuilleadh brú ar Morata. Tá an-mhuinín léirithe ag Enrique ann go dtí seo ach beidh le feiceáil an bhfuil sé sásta deis eile a thabhairt dó nó seans a thabhairt do Gerard Moreno, a raibh an-bhliain aige le Villareal.

Tá an Chróit ag dul i bhfeabhas ó thosaigh an comórtas. Bhí siad lag go maith nuair a chaill siad in aghaidh Shasana sa chéad chluiche, bhí siad beagáinín níos fearr sa chluiche comhscóir in aghaidh na Seiceach agus nuair ba ghá an bua a fháil in aghaidh na hAlban, thug siad an taispeántas is fearr acu sa chomórtas chun áit a bhaint amach sa bhabhta seo.

Scóráil Luka Modric cúl den chéad scoth sa chluiche sin agus bhí Nikola Vlašić ar fheabhas i lár na páirce freisin. Buaileadh buille ollmhór ar an bhfoireann i rith na seachtaine, áfach, nuair a deimhníodh go raibh an Covid-19 ar Ivan Perišić agus nach mbeadh sé ar fáil do chluiche an lae inniu. Agus Mario Mandžukić éirithe as, bhí Perišić níos tábhachtaí ná riamh i measc na dtosaithe agus beidh bearna mhór le líonadh anocht.

Is maith leis an dá fhoireann seo seilbh a choinneáil ar an liathróid agus cur chuige stuama a bhíonn acu. Dhá dtrian catha an misneach, áfach, agus caithfear an beart a dhéanamh os comhair an chúil freisin.

An Fhrainc v An Eilvéis – 8pm

Níl cluiche díbeartha buaite riamh ag an Eilvéis ag comórtais EURO agus toradh gan choinne a bheadh ann dá n-éireodh leo é sin a dhéanamh anocht. Níl aon bhrú ar fhoireann Vladimir Petković agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní an domhain ach ní dhéanfaidh sé sin mórán níos éasca dóibh é in aghaidh shárfhoireann na Fraince.

Tá cúpla údar dóchais ag na hEilvéisigh, áfach. Ar an gcéad dul síos, ní raibh imirt na Fraince thar mholadh beirte go dtí seo. Bhuadar in aghaidh na Gearmáine sa chéad bhabhta ach dhá chluiche comhscóir a bhí acu ó shin, ceann acu in aghaidh na hUngáire. Tá Paul Pogba ag imirt an-mhaith i lár na páirce agus scóráil Karim Benzema dhá chúl in aghaidh na Portaingéile an lá cheana ach táthar fós ag fanacht go mbainfidh leithéidí Kylian Mbappé barr a maitheasa amach sa chomórtas.

Tá gortuithe ag cur as do roinnt d’imreoirí na Fraince freisin. Ní hamháin go raibh ar Lucas Hernandez an pháirc a fhágáil in aghaidh na Portaingéile ach gortaíodh freisin an fear a tháinig isteach ina áit, Lucas Digne. Fágann sin nach bhfuil aon chosantóir ar chlé ar fáil ag Didier Deschamps agus baol ann go mbeidh air a chóras imeartha a athrú. D’fhág gortú glúine a bhain d’Ousmane Dembelé nach n-imreoidh sé arís sa chomórtas agus ó tá beirt eile, Thomas Lemar agus Marcus Thuram, leonta freisin níl mórán roghanna ag Deschamps.

Tabharfaidh an bua 3-1 a bhí ag an Eilvéis in aghaidh na Tuirce an-mhuinín dóibh agus tá imreoirí maithe acu i measc na dtosaithe – Xherdan Shaqiri, Breel Embolo, Haris Seferović – a bhainfidh tairbhe as aon laigí i gcosaint na Fraince. 

Níl ach aon chluiche amháin den 17 atá imeartha acu ag mórchomórtais sacair ó 2016 caillte ag an bhFrainc agus b’in cluiche ceannais EURO 2016. Fiú agus iad imreoirí gann, tá an taithí agus an tallann acu teacht slán.

Fág freagra ar 'Gortuithe ag cur as don bhFrainc ach taithí agus tallann acu'