Google Translate 10 mbliana ar an bhfód

Is minic a cháintear Google Translate mar gheall ar na leaganacha ciotacha a chuireann sé ar fáil ach d’admhaigh Google ón gcéad lá riamh nach raibh a chóras gan locht

Google translate

Cothrom an lae seo deich mbliana ó shin d’fhógair Google Research go raibh a inneall staitistiúil aistriúcháin, Google Translate, beo ar líne.

Nuair a thosaigh Google Translate amach ní raibh ann ach inneall aistriúcháin a chuirfeadh Béarla ar Araibis agus Araibis ar Bhéarla. Cuireadh an Rúisis agus an tSínis leis an dá theanga sin go gairid i ndiaidh a sheolta. Anois tá os cionn 100 teanga ar fáil ar an inneall ó cuireadh 13 theanga nua, an Gháidhlig ina measc, leis níos túisce i mbliana. Cuireadh an Ghaeilge le liosta na dteangacha sa bhliain 2008.

Deich mbliana ó shin, is beag caint a bhí ann ar fhóin chliste nó ar aipeanna agus ní raibh teacht ar an inneall ach amháin ar an suíomh translate.google.com. Sa lá atá inniu ann, is féidir an tseirbhís a úsáid ar fhóin, ar ríomhairí deisce, tríd an aip, le Google Lens agus breiseán brabhsálaí, i measc bealaí eile.

Ní bhíonn saoi gan locht, áfach, agus is minic a cháintear Google Translate mar gheall ar na leaganacha ciotacha a chuireann sé ar fáil – go háirithe nuair is eagraíochtaí nó comhlachtaí stáit a úsáideann an tseirbhís le cáipéisí nó comharthaí oifigiúla a chur i nGaeilge.

Bhain conspóid ollmhór leis an suíomh ireland2016.ie nuair a seoladh ag deireadh na bliana 2014 é mar bhí an chosúlacht ar an scéal gur úsáideadh Google Translate leis an suíomh a aistriú go Gaeilge.

Ach d’admhaigh Google ón gcéad lá riamh nach raibh a chóras gan locht. Sa phreasráiteas a cuireadh amach nuair a seoladh Google Translate ar 28 Aibreán 2006 mhol an comhlacht do lucht a úsáidte gurbh fhearr gan dul i muinín a innill le filíocht a aistriú:

“…it requires long-distance reordering of words and has a very rich morphology. Our system works better for some types of text (e.g. news) than for others (e.g. novels) – and you probably should not try to translate poetry…but do stay tuned for more exciting developments,” a scríobhadh.

D’fhógair Google i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite go raibh cúnamh an phobail á lorg aige le feabhas a chur ar an inneall aistriúcháin.

Féadfaidh úsáideoirí Google Translate feabhas a chur ar an inneall trí chlárú leis an ‘Translate Community’. Iarrtar orthu ansin idir dhá agus cúig theanga a roghnú le feabhas a chur orthu trí abairtí samplacha a aistriú nó aistriúcháin a rinne an t-inneall a cheartú.

Fág freagra ar 'Google Translate 10 mbliana ar an bhfód'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Tugtar cuireadh do dhaoine obair in aisce do Google le ceartúcháin. An deascéal é sin?