Google-Ghaeilge: ‘Imní’ agus ‘díomá’ ar an gCoimisinéir Teanga

Bheadh súil ag an gCoimisinéir "go nglacfadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cur chuige eiseamláireach maidir le foilsiú ábhar i nGaeilge."

RonanCoim-1218
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Is cúis ‘imní’ agus ‘díoma’ don Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur ó Google Translate a tháinig an téacs Gaeilge ar shuíomh Éire 2016, www.ireland.ie.

“Bheinn ag súil go nglacfadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cur chuige eiseamláireach maidir le foilsiú ábhair i nGaeilge. Is cúis imní agus díomá dom nár léir gur tharla an méid sin sa chás seo,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ar maidin.

Dúirt sé nach raibh aon ghlacadh aige leis “go gcuirfí ábhar míchruinn ar fáil i nGaeilge nuair a bhaineann dualgas reachtúil lena leithéid d’ábhar a bheith curtha ar fáil”.

“Is cur amú ollmhór acmhainní agus ama é nuair a fhoilsítear ábhar lochtach i gceachtar teanga oifigiúil. Is cóir go mbeadh aon ábhar den chinéal seo ar ardchaighdeán agus cruinn,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Ba ar Tuairisc.ie a tháinig sé chun solais ar dtús gur úsáideadh ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shleachta Béarla www.ireland.ie, sliocht as Forógra na Poblachta féin san áireamh.

Tá athruithe déanta ar an ábhar Gaeilge ar an suíomh ó shin.

Thug an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios inné gur botún a rinne dearthóirí idirlín ba chúis leis an drochaistriúchán Gaeilge ar shuíomh idirlín Éire 2016, an clár náisiúnta le 100 bliain an Éirí Amach a chomóradh.

“Rinneadh téacs coinneála, a úsáideadh fad is a bhí aistriúchán á dhéanamh, a fhoilsiú de bhotún ar shuíomh beo Ireland.ie. Tá aghaidh tugtha ar an gceist seo agus tá an t-aistriúchán Gaeilge ceart beo anois ar an suíomh,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Ealaíón, Oidhreachta agus Gaeltachta inné.

In agallamh le Nuacht TG4 aréir, rinne an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta,  Aodhán Ó Ríordáin, a leithscéal faoin “[m]botún” agus dúirt sé gur “praiseach” a bhí ann.

Fág freagra ar 'Google-Ghaeilge: ‘Imní’ agus ‘díomá’ ar an gCoimisinéir Teanga'

  • Ruth Andrews

    Is mór an trua é gur tharla sé seo. Tá a fhios ag gach duine a bhíonn an Ghaeilge in úsáid go rialta acu nach bhfuil ‘google translate’ cruinn ar chor ar bith.

  • Pádraig Ó Donnchú

    Fág i leataoibh an manglam Gaeilge go fóill……An amhlaidh nach bhfuil éinne nó aon ghnólacht in Éirinn ábalta ar leathanach a dhearadh do láithreán gréasáin? ?
    Bronnadh an conradh do chomharthaí bóthair i gCorcaigh ar ghnólacht i Sasana freisin agus an toradh a bhí air ná ‘tuar cait is féasóig air’.
    Tugann an méid sin le fios nach bhfuill aon Éireannach sa tír ar féidir leis lch shuíomh gréasáin a dhearadh ná comhartha bóthair a tháirgeadh.
    Ó sea is gnólachtaí ‘sasanacha’ iad a bhfuil imiricigh a’ hÉirinn fostaithe acu..
    Ní hansa: Bímis ag súil le tuilleadh den saghas seo magairlíochta amach anseo ónár gcinseal cultúrtha!

  • Philip

    An amhlaidh anois go bhfuil aistriúchán ‘nua-aimseartha’ déanta ag an Roinn ar théacs na Foróga? Más amhlaidh go bhfuil, sin meancóg ar bharr meancóige: is téacs stairiúil é seo nach ceart a athrú agus leagan Gaeilge de ann le fada an lá; go deimhin tá sé ar crochadh ar bhalla agam sa teach. Agus tá an leagan Gaeilge sin ar fáil san fhearann phoiblí mar chuir mise i gcló é le linn dom beith ag obair le Lá Nua.
    Níl an suíomh rialtais ar a bhfuil an t-aistriúchán ar fáil faoi láthair, ach bheinn buíoch de Tuairisc.ie a fháil amach ón Roinn an amhlaidh go ndearnadh faillí eile i ndualgas na Roinne i leith na Gaeilge agus neamhaird déanta ag an Roinn ar leagan Gaeilge seanbhunaithe na Foróga? Dá mbeadh alt ón Bhunreacht le foilsiú i nGaeilge, an ndéanfadh duine ar bith iarracht Gaeilge a chur ar an leagan Béarla den alt?
    “Aisteach agus níos aistí fós.” arsa Alice.

  • Michaela

    Nach bhfuil a fhios ag gach éinne ag an bpointe seo faoina lochtanna a bhaineann le ‘Google Translate’? Ní hamháin go bhfuil an cás seo dochreidte, tá sé náireach chomh maith! Is sampla maith é an físeán seo ar YouTube den dochar a dhéanann ‘Google Translate’: https://www.youtube.com/watch?v=KHitX2x5FF0

  • Ashleigh Smiyh

    Aontaím leis an tuairim gur cur amú ollmhór acmhainní agus ama é nuair a fhoilsítear ábhar lochtach i gceachtar teanga oifigiúil! Nuair atá aistriúchán le déanamh ar ábhar chomh tábhachtach mar sliocht as Forógra na Poblachta, níl sé ceart Google Translate a úsáid toisc nach uirlis éifeachtach é ar chor ar bith, ach táim sásta go ndúirt Rónán Ó Domhnaill go gcaithfidh aon ábhar den chinéal seo ar ardchaighdeán agus cruinn tá sé lán ceart.

  • Éamonn Ó Gribín

    Féach ar fingal.ie……tá ar phobal na Gaeilge leas a Braintree as ‘Google Translate’ chun príomh theanga na tíre a aistriú ón Bhéarla!