Go sábhála baill óga an Chomhaontais Ghlais sinn, ar son na haeráide is na tíre

Níl sa chlár rialtais atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas ach tuilleadh de na polasaithe ar theip orthu cheana

Go sábhála baill óga an Chomhaontais Ghlais sinn, ar son na haeráide is na tíre

Cáipéis mhór atá sa gclár rialtais a aontaíodh idir ionadaithe Fhine Gael, Fhianna Fháil agus an Chomhaontais Ghlais, ach cé go bhfuil a lán spriocanna deasa luaite ann is beag sonraí a thugtar ina dtaobh.

Tá sé an-uaillmhianach gan dabht, ach tá sé an-lag maidir le míniú a thabhairt ar conas a bhainfear amach a bhfuil geallta ann.

Táthar ag déanamh scéal mór de go mbeidh dhá thrian den chaiteachas ar chúrsaí iompair á chaitheamh ar an gcóras iompair phoiblí agus nach mbeidh ach aon trian de á chaitheamh ar bhóithre. Ach níl aon eolas ann faoi céard is brí leis sin i dtéarmaí praiticiúla, go háirithe faoin tuath.

Agus is é an rud is mó atá ag cur imní ar dhaoine ná an chaint faoi chúrsaí eacnamaíochta.  Glactar leis go mbeidh ualach mór le hiompar ag an ngeilleagar de bharr an Chovid-19, ach maítear sa gclár nach mbeidh aon arduithe cánach ann.

Mar a dúirt Neasa Hourigan, duine d’idirbheartaithe an Chomhaontais Ghlais sna cainteanna, tá sé deacair a dhéanamh amach cén chaoi a bhféadfaí an infheistíocht a dhéanamh atá geallta i dtaobh na haeráide agus tabhairt faoi na fadhbanna móra sóisialta i gcúrsaí tithíochta agus sa chóras sláinte, mar shampla.

Ag magadh atá siadsan a deir go dtabharfaidh an tAontas Eorpach an t-airgead dúinn. Sa chéad áit, níl muidne ag barr na scuaine mar níl muid ar na tíortha is measa atá buailte ag an bpaindéim agus sa dara háit tá sé deimhnithe ag príomh-aire na Sualainne, Stefan Lofven, agus daoine eile gur iasachtaí – a bheidh le híoc ar ais – atá i gceist ag an gCeathrar Cnuaisciúnach.

Faoina bplean atá leagtha amach ag Pascal Donohoe, Fine Gael, agus ag Michael McGrath, Fianna Fáil, ní féidir babhta déine eile a sheachaint.

An ar a shon sin a vótáil daoine san olltoghchán?

Anois tá an clár á chíoradh ag baill na bpáirtithe.

Ní cosúil go mbeidh mórán deacrachtaí ag Fine Gael leis mar tá leath de na vótaí ag an bpáirtí parlaiminteach a bhfuil tacaíocht tugtha acu cheana don mholadh.

Tá i bhfad níos mó míshástachta faoin scéal i bhFianna Fáil, cé gur cosúil gurbh iad Éamon Ó Cuív is John McGuinness amháin de na Teachtaí Dála a labhair amach i gcoinne an phlean.

Ar ndóigh, tá Micheál Martin i mbarr a chéille ag iarraidh a bheith ina Thaoiseach, ach i bhfianaise na bhfigiúirí sna pobalbhreitheanna is déanaí tá a pháirtí in umar na haimléise ar fad agus laghdú tubaisteach tagtha ar an leibhéal tacaíochta atá acu. Is cosúil go bhfuil faitíos an domhain ar a dTeachtaí Dála go gcaillfeadh an-chuid díobh a gcuid suíochán dá mbeadh toghchán eile ann go luath.

Cuireann sé i gcuimhne dom an scéal faoin bhfear a bhí le crochadh agus a dúirt: ‘Nárbh fhearr gur amárach a chrochfaí mé seachas inniu?’

Is é sin, fiú má tá páirtí Fianna Fáil le scrios mar gheall ar an socrú rialtais seo, nach bhfuil sé le scrios ar aon chuma in aon toghchán amach inniu, más aon fhianaise iad na pobalbhreitheanna?

Ach is san Chomhaontas Glas atá an deacracht is mó. Is léir go bhfuil deighilt mhór ann i measc na gceannairí, is má tá Éamon Ryan is Ossian Smyth ar bís le dul isteach i rialtas, beag beann ar thionchar an scéil ar na daoine is boichte sa tír, tá sé soiléir go bhfuil amhras ar an leascheannaire Catherine Martin. Chomh maith leis sin, tá argóintí láidre i gcoinne an mhargaidh déanta ag Neasa Hourigan.

Is cinnte go bhfuil na meáin mhóra, RTÉ ina measc, ag déanamh a ndíchill le go nglacfar leis an gclár rialtais, ach ní bheidh sé éasca móramh dhá thrian a fháil.

Daoine óga, a tháinig isteach sa pháirtí ar mhaithe le cúrsaí a athrú ó thaobh na timpeallachta agus na sochaí de, is mó atá i gcoinne an chláir seo.

Agus má theipeann ar an iarracht seo, ní bheidh géarchéim pholaitíochta ann, in ainneoin a ndeir an Taoiseach.  Beidh toghchán eile ann le teacht ar réiteach an scéil.

Ach cath idir Fine Gael is Sinn Féin a bheadh ann, is gan ach mionrólanna ag na páirtithe eile, Fianna Fail ina measc.

Sea, sin agat toradh cheannaireacht Mhichíl Martin ar Fhianna Fáil, nach léir a thuilleadh an chúis gurb ann don pháirtí. Maidir leis an gclár rialtais, ní fheictear domsa go leigheasfadh sé aon cheann de na mórfhadhbanna atá againn.  Níl ann ach tuilleadh de na polasaithe ar theip orthu cheana.

Ach seans maith go sábhálfaidh baill óga an Chomhaontais Ghlais ón anachain sin muid.  Ar son na haeráide is ar son na tire tá súil agam é.

Fág freagra ar 'Go sábhála baill óga an Chomhaontais Ghlais sinn, ar son na haeráide is na tíre'

  • Des O Murchu

    Bfheidir Go slanoidh na Glasaigh cuid de aeraid na tire? Ach deanadh siad scrios ar eachnamiocht bhunusach cuid mhor de mhuintir tuaithe nach bhfuil seirbhisi bhunusach ar fail faoi lathair no amach anseo etc!

  • Lorcán

    Alt ráscánta go deimhin! Go raibh an saol chomh shimplí sin – olltoghchán eile an réiteach? Tá a fhois ag Tadg an Mhargaidh go mbeidh an tír ina cíor tuathaill (arís!) muna bheith an comhaontú seo daingnithe.