Go raibh Lyra McKee ar an duine deiridh a chuirfear i gcré na cille de bharr fhoréigean an Tuaiscirt

‘The spoils [of peace] just never seemed to reach us,’ a scríobh Lyra McKee. Bíodh an abairt sin ina n-aigne ag na polaiteoirí ar a sochraid inniu…

Go raibh Lyra McKee ar an duine deiridh a chuirfear i gcré na cille de bharr fhoréigean an Tuaiscirt

‘Saor sinn ó olc.’ ‘Ní ar mo shonsa a rinne sibh é.’ ‘Éirígí as.’

‘Go raibh Lyra McKee ar an duine deiridh a maraíodh i bhforéigean an Tuaiscirt.’

Tá na briathra sin cloiste go minic ó maraíodh an t-iriseoir óg Lyra McKee i nDoire oíche Déardaoin seo caite. Cloisfear an achainí arís ar shochraid Lyra in Ardeaglais Naomh Anna i mBéal Feirste inniu.

An éistfear?

Is léir go bhfuil fearg ar mhuintir an Chreagáin agus ar phobal Dhoire fré chéile.

D’fhág siad a dteachtaireacht do na heasaontóirí poblachtacha ar na ballaí, fiú ar chúinne Dhoire Saor “tá deireadh libh”. D’fhág mná ón gcathair, cairde le Lyra lorg a lámh i bpéint dhearg ar fhoirgneamh Saoradh mar agóid. Tá Saoradh nasctha leis an IRA Nua, an dream a d’admhaigh gurbh iad a mharaigh an t-iriseoir 29 bliain d’aois.

Bhí na mná ag cur in iúl do na heasaontóirí nach raibh faitíos orthu rompu agus go seasfadh siad an fód ina gcoinne.

Thuill Saoradh cáineadh speisialta mar ba mhasla i gceann na héagóra é an ráiteas a d’eisigh siad ag rá gur thimpiste é marú Lyra. Mhaígh siad gurbh iad na póilíní a bhí ciontach toisc go raibh siad ag cuardach sa cheantar sa tóir ar ghunnaí agus armlón. Faraor, léirigh an fear gunna a scaoil leis an slua, beag beann ar ché a bhuailfí, go raibh an ceart ag an PSNI go raibh daoine armtha sa cheantar. Má scaoiltear urchair le slua tá gach seans ann go marófar daoine.

Sa ráiteas chuig an nuachtán The Irish News oíche Dé Luain, dúirt an IRA Nua arís gur thimpiste é an marú agus ghabh siad leithscéal. Cén mhaith leithscéal? Éirí as an bhforéigean an t-aon fhreagra a bheadh sásúil.

Chuir sé olc ar mhórán sa chomharsanacht go raibh Saoradh ag iarraidh a chur i gcéill gur thar ceann an phobail a rinne na heasaontóirí an t-ionsaí barbartha. Is é an scéal céanna é i gcás na heite paraimíleata, an tIRA Nua.

Is iomaí duine sa cheantar a dúirt gur saoirse ó ansmacht agus géarleanúint na n-easaontóirí a bhí ag teastáil ón bpobal. Ar an Aoine ‘mar chomhartha ómóis do Lyra’ chuir siad ar ceal an mháirseáil a bhí le bheith acu i nDoire Luan Cásca. Ómós nó fios maith acu go mbeadh an mháirseáil do-ghlactha ag an bpobal? Léirigh siad a soiniciúlacht nuair a mháirseáil siad in éide pharaimíleata ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Bhí paráid eile acu i mBéal Feirste Dé Luain.

Níl a bport ag dul i bhfeidhm ar mhuintir an Chreagáin ná Thaobh an Bhogaigh is cosúil. Díol suime ab ea an chabhair a thug daoine áitiúla don PSNI chun tacú leis an bhfiosrú faoi mharú Lyra. Faoi thráthnóna Dé Luain bhí teagmháil déanta ag 140 duine leis na bleachtairí agus ceannairí na bpóilíní ag fógairt go raibh athrú suntasach ar dhearcadh an phobail i leith an PSNI.

An mbeidh an t-athrú sin buan? Tá formhór mór na ndaoine ag súil go mbeidh agus go ngabhfaidh déistin an phobail i gcion ar lucht na láimhe láidre.

D’éirigh le muintir an Chreagáin agus Thaobh an Bhogaigh 47 bliain ó shin tionchar a imirt ar an IRA Oifigiúil. An 21 Bealtaine 1972 mharaigh siadsan déagóir de bhunadh na háite, Ranger William Best, 19, a bhí sa bhaile ar saoire ón nGearmáin mar a raibh sé in Arm na Breataine.

D’eagraigh mná an cheantair agóid in aghaidh an IRA Oifigiúil a chuir deireadh leo. Bhí blianta fada eile d’fhoréigean Shealadaigh an IRA i ndán dóibh, áfach. Ba mhinic daoine ag súil go raibh uafás de chuid an IRA Shealadaigh chomh gránna sin go n-éireodh siadsan as an bhforéigean – Kingsmills, La Mon, Inis Ceithleann agus go leor eile.

Thóg sé rófhada ach bhí dóchas láidir ann 21 bliain ó shin go gcinnteodh Comhaontú Aoine an Chéasta an tsíocháin.

Bhí mian eile ag an ngeadán beag d’easaontóirí faoi ainmneacha éagsúla atá ag iarraidh an foréigean a choinneáil sa tsiúl ó shin. Ní de sheans atá siad gníomhach i gceantair bhochta. Tá siad in ann daoine óga atá gan deiseanna, gan dóchas a ionramháil, a mhealladh nó mealltóireacht a dhéanamh orthu. Is iad na daoine óga sin an ghlúin a bhí in ainm is a theacht i dtír ar dhíbhinn na síochána ach mar a dúirt Lyra McKee in alt léi ar The Atlantic “The spoils [of peace] just never seemed to reach us”.

Bíodh an abairt sin ina n-aigne ag na polaiteoirí ar an tsochraid inniu agus san tréimhse atá amach romhainn. Ní mór a dhul i ngleic leis an bhfolús. Is den riachtanas é a léiriú dóibh sin atá fágtha ar an ngannchuid nach mar sin a bheidh go deo agus go dtig leis an bpolaitíocht feidhmiú ar mhaithe leo. Chaith John Hume blianta ag rá “ you can’t eat a flag”. Is fiú an nath sin a mheabhrú do na polaiteoirí.

Fiú mura n-éistfidh an tIRA Nua le hachainí an lae inniu tig le dea-pholaitíocht an bonn a bhaint dá bhformhór.

Fág freagra ar 'Go raibh Lyra McKee ar an duine deiridh a chuirfear i gcré na cille de bharr fhoréigean an Tuaiscirt'