‘Go n-éirí le Martin Johnny Mhichael Choilm’ – Pobal Gaeltachta ag súil le hoíche mhór eile ag na Oscars

Ní den chéad uair, tá comhartha tacaíochta curtha in airde i Leitir Mealláin in iarthar na Gaillimhe ag guí gach rath ar an bhfear scannáin de bhunadh na háite, Martin McDonagh

‘Go n-éirí le Martin Johnny Mhichael Choilm’ – Pobal Gaeltachta ag súil le hoíche mhór eile ag na Oscars

Agus na gradaim Oscar ag siúl an deireadh seachtaine seo, tá tacaíocht á léiriú ag pobal ceantair bhig i gConamara do ‘Réalt Mhór Hollywood’ de bhunadh na háite.

Tá comhartha tacaíochta curtha in airde i Leitir Mealláin in iarthar na Gaillimhe ag guí gach rath ar an bhfear scannáin Martin McDonagh agus don scannán The Banshees of Inisherin, a scríobh agus a stiúir McDonagh, atá ainmnithe do naoi ngradam Oscar.

Cé gur rugadh agus tógadh McDonagh i Londain, tá ceangal láidir aige le Leitir Mealláin, ceantar dúchais a athar Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha.

Tá fógra ag léiriú tacaíochta do McDonagh agus do lucht déanta The Banshees of Inisherin crochta thiar i Leitir Mealláin ag John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus cara le McDonagh.

Nuair a ainmníodh scannán eile de chuid McDonagh, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, do ghradaim Oscar in 2018, chroch John Bhaba Jeaic trí chlár fógraí le taobh an bhóthair i Leitir Mealláin in ómós do ghaisce McDonagh, ‘Réalt Mór Hollywood’ agus ‘Réalt Mór Leitir Mealláin’, mar a tugadh air.

Tá scata gradam buaite ag The Banshees of Inisherin cheana agus Golden Globe don script scannáin is fearr tugtha leis ag McDonagh féin agus deir John Bhaba Jeaic go bhfuil súil aige go dtabharfaidh an scannánóir na gradaim uile leis nuair a fhillfidh sé ar Leitir Mealláin, mar a rinne sé roimhe seo.

“An uair dheiridh, bhuail sé isteach sa mbunscoil agus bhí áthas ar na páistí na gradaim a bheith ina lámha acu,” a deir sé.

Ó bhíodar óg chaitheadh McDonagh agus a dheartháir John Michael, ar scannánóir é freisin, cuid mhaith ama i gConamara agus chuaigh an ceantar i bhfeidhm go mór ar a gcuid scríbhneoireachta.

Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú in 2021 ar Inis Mór agus Acaill.

Tá athair McDonagh agus a mháthair Mary, arb as contae Shligigh di, anois ag cur fúthu i gConamara agus is minic le McDonagh cuairt a thabhairt orthu agus ar an gceantar.

Fág freagra ar '‘Go n-éirí le Martin Johnny Mhichael Choilm’ – Pobal Gaeltachta ag súil le hoíche mhór eile ag na Oscars'

  • Maggie

    Go n-èirí lè Mairtin Mhichael Choilim ag ná Oscars