Go mBeire Muid Beo – sraith nua monalóg Gaeilge tosaithe ar líne

Tá sé mhonalóg nuascríofa i nGaeilge á léiriú ag an gcompántas amharclannaíochta Feirsteach Aisling Ghéar

Go mBeire Muid Beo – sraith nua monalóg Gaeilge tosaithe ar líne

Cad é a fhaigheann tú nuair a chuireann tú seisear scríbhneoirí Gaeilge, seisear aisteoirí agus srianta an Choróinvíris le chéile?

Monalóga drámata YouTube.

Dála lucht na n-ealaíon ar fud an domhain, b’éigean don chompántas amharclannaíochta Gaeilge, Aisling Ghéar, dearmad a dhéanamh ar sheónna beo go ceann ní fios cá fhad ach d’éirigh leo réiteach cruthaitheach a aimsiú.

“Agus an tinneas agus an bás thart orainn, thug muid Go mBeire Muid Beo ar an tsraith, mar tá eagla agus imní ar dhaoine faoina bhfuil i ndán dúinn uilig ach, ag an am céanna, caitheann muid a bheith dóchasach go mbeidh muid féin agus ár dteaghlaigh agus ár gcairde beo an t-am seo arís,” arsa stiúrthóir Aisling Ghéar, Bríd Ó Gallchóir.

“Caitheann muid a bheith cúramach ach ag an am céanna, gan a bheith ró-neirbhíseach agus measaim go bhfuil daoine anois ‘beo sa bhomaite’.”

Chinn Bríd ar na monalóga Gaeilge a chur le chéile i ndiaidh di an tsraith Dear Ireland a rinne Amharclann na Mainistreach a fheiceáil i mí Aibreáin agus fuair sí cuid de na scríbhneoirí is fearr dá bhfuil ag obair faoi láthair lena gcuid smaointe féin a roinnt léi.

Deir sí go daingean nach mbaineann na drámaí uilig leis an Choróinvíreas.

“Cé a bheadh ag iarraidh amharc air sin?” a fhiafraíonn sí. “Ach is cinnte go bhfuil an ghéarchéim mar chomhthéacs sa chuid is mó acu.”

Ar na monalóga atá le feiceáil, tá Buantonn Edith, monalóg le Dave Duggan a bhaineann leis an stíl ghruaige atá ar bhaintreach agus an tonn a bháigh a fear céile agus gan í ach 22 bliain d’aois. Mary Ryan an t-aisteoir.

Is é an t-aisteoir aitheanta Sean T Ó Meallaigh atá in Teagmhálacha trí Sheans, sruth choinsiasa a scríobh Don McCamphill, faoi Rian a bhuaileann le fear atá buartha faoina bhean chéile a bhfuil néaltrú uirthi agus atá i ndiaidh dul ar seachrán. Scéal é a bhfuil casadh ag a dheireadh.

Ba í Nuala Ní Néill a scríobh agus atá mar aisteoir in Triantán, scéal faoi bheirt deirfiúracha, duine amháin atá ar ais sa teach ag amharc i ndiaidh an mháthar agus an duine eile a bhuaileann isteach uair sa tseachtain. Fríd an scéal, feiceann muid athbhunú an chaidrimh idir an teaghlach agus an pobal.

Tony Devlin a scríobh agus a léirigh Goodfella, faoi fhear atá gafa sa teach agus é ag iarraidh scolaíocht a thabhairt dá bheirt iníonacha óga agus a bheith ina gangster amhail na cinn sna scannáin.

Insíonn The Smoker scéal faoi fhear atá ag dul ar mire, ní hamháin cionn is go bhfuil sé in árasán leis féin ach toisc go bhfuil sé ag iarraidh stopadh de na toitíní ag an am céanna!

Chuaigh an chéad mhonalóg amach oíche Aoine.

Is é Seán Ó Muireagáin a scríobh Bean Úr Eile faoi athchiontaitheor 37 bliain d’aois atá faoi dhianghlasáil speisialta agus a chaitheann a cuid ama ag suirí leis an dochtúir a thugann cuairteanna ar a cillín gach lá.

Tá Noni Stapleton (The Clinic, The Tudors, agus Fair City) sa phríomhról.

Rachaidh monalóg úr Go mBeire Muid Beo amach gach oíche Aoine agus gach oíche Chéadaoin ar a 8pm go ceann trí seachtaine ar chuntais YouTube agus Instagram Aisling Ghéar (aislinghear_

Tá siad uilig i nGaeilge agus fotheidil Bhéarla leo.

Fág freagra ar 'Go mBeire Muid Beo – sraith nua monalóg Gaeilge tosaithe ar líne'