Go leor le rá linn ag ‘Dúirt Bean Liom’ TG4

Tugann an tsraith ceithre chlár seo éachtaint ar thuairimí na mban ar cheisteanna móra pearsanta

Go leor le rá linn ag ‘Dúirt Bean Liom’ TG4

“An ionann tuairimí na mban trí chéile? Nó an bhfuil difear ag brath ar aois, ar áit dúchais, ar chúlra, ar shlí bheatha?” Sin iad na ceisteanna a cuireadh orainn ag tosach an chéad chlár den tsraith Dúirt Bean Liom (TG4, Dé Céadaoin). Séard a chuireann an tsraith ceithre chlár seo roimpi ná iarracht a dhéanamh teacht ar fhreagraí na gceisteanna sin trí labhairt le triúr ban déag d’aoiseanna éagsúla a bhfuil taithí saoil agus cúlraí difriúla acu.

Beidh ceisteanna móra pearsanta faoi chaidrimh, faoin gcorp agus faoi chumhacht is ceart na mban idir chamáin ag Nuala Ní Dhomhnaill, Étain Ní Churraoin, Máire Ní Churraoin, Síomha Nic Aonghasa, Ailbhe Nic Cába, Mairéad Ní Nuadháin, Julie Jay, Nadia Dobrianska, Maura Harrington, Máire Úna Ní Bheaglaoich, Ciana Ní Churraoin, Clíodhna Ní Cheallacháin agus Grian Ní Dháimhín.

I ngála na seachtaine pléadh an ginmhilleadh, íomhá choirp, feachtasaíocht, uafás na cogaíochta agus cúrsaí meabhairshláinte. Ní raibh sa chlár ach leathuair an chloig agus dá bharr ní raibh deis mhór chainte ag gach duine agus bogadh ó ábhar go hábhar, agus ó dhuine go duine go mear. Bhraitheas go raibh an bogadh tapaidh seo ó théama go téama as alt ábhairín ar uairibh. Bíodh sin mar atá do labhair na mná ar fad go deisbhéalach, ionraic.

Bunaithe ar chlár na seachtaine seo, sé an múnla a bheidh ann ná go mbeidh triúr nó mar sin i lár an aonaigh i ngach clár agus dreasanna beaga cainte ón gcuid eile. Siad Grian Ní Dháimhín, Nadia Dobrianska agus Maura Harrington a dhein paistí móra cainte an tseachtain seo.

Labhair Grian faoina cuid feachtasaíochta feiminí, go háirithe an cosc ar ghinmhilleadh sna Sé Chontae. Thrácht sí chomh maith ar an drochíde béil atá faighte aici mar chuid dá cuid feachtasaíochta. An nós seo atá ag fir ach go háirithe a bheith maslach, frithbhanda le mná atá i mbéal an phobail. Tá scéal ar leith le hinsint ag an nGaeilgeoir Nadia Dobrianska (go deimhin is as Gaeilge a labhair na rannpháirtithe ar fad mar aon leis an scéalaí Áine Ní Bhreisleáin).

B’éigean don bhean óg teitheadh ón Úcráin i ndiaidh ionradh na Rúiseach. Labhair sí go pointeáilte agus go truacánta faoi uafáis na cogaíochta ansin agus an drochíde atá á tabhairt do mhná.

Tháinig Maura Harrington os comhair an phobail mar dhuine díobh siúd a bhí ar thosach cadhnaíochta i gcoinne fhorbairtí Shell in iarthuaisceart Mhaigh Eo i dtosach na mílaoise. Tá sí chomh diongbháilte faoin gceist is a bhí sí riamh. Labhair sí faoin uair gur ordaigh breitheamh go ndéanfaí measúnú síciatrach uirthi; an ndéanfaí an t-ordú céanna dá mb’fhear a bhí i gceist?

Meitheal ban ag plé meascán mearaí téamaí go deisbhéalach, ionraic.

Fág freagra ar 'Go leor le rá linn ag ‘Dúirt Bean Liom’ TG4'