Go leor fós le socrú sa bhabhta deireanach den tsraith peile

Caitheann Tuairisc súil ar a bhfuil le déanamh ag na foirne atá ag iarraidh ardú céime agus acu siúd atá ag iarraidh fanacht mar a bhfuil siad

Go leor fós le socrú sa bhabhta deireanach den tsraith peile

Agus babhta deiridh na Sraithe Náisiúnta Peile sroichte, tá roinnt foirne ó Roinn 1 go dtí Roinn 4 fós san iomaíocht ag barr an tábla nó ag iarraidh ísliú céime a sheachaint. Seo thíos míniú ar a bhfuil le déanamh ag foirne le hardú céime a bhaint amach nó le teacht slán.

Roinn 1

Sa phríomhroinn, tá Ciarraí cinnte cheana féin d’áit i gcluiche ceannais na sraithe. Rachaidh foireann Jack O’Connor chun páirce in aghaidh Thír Eoghain tráthnóna. Tá seaimpíní na hÉireann ar cheann den scata foirne a d’fhéadfadh an cluiche ceannais a bhaint amach fós ach beidh Tír Eoghain ag iarraidh an cath ag bun an tábla a sheachaint.

Tá Áth Cliath sa seachtú háit agus Muineachán thíos fúthu san ochtú háit faoi láthair agus is deis iontach a gcluiche in aghaidh a chéile inniu le teacht slán. Má éiríonn le dream acu an bua a fháil, beidh an fhoireann sin slán agus an ceann eile díbeartha go dtí Roinn 2. Ar ndóigh d’fhéadfadh comhscór an bheirt acu a thabhairt slán ach bheadh siad ag brath ar thorthaí ó chluichí eile.

Sa dá chluiche eile i Roinn 1, imreoidh Maigh Eo in aghaidh Chill Dara agus tabharfaidh Ard Mhacha agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile. Má bhuann Maigh Eo, beidh siad sa chluiche ceannais le Ciarraí agus buntáiste acu ar Ard Mhacha, atá ar na pointí céanna leo, a bhuíochas don chluiche a bhuaigh Maigh Eo ar fhoireann Kieran McGeeney i mBabhta 4.

Cluichí

Ciarraí v Tír Eoghain
Maigh Eo v Cill Dara
Dún na nGall v Ard Mhacha
Muineachán v Áth Cliath

Roinn 1
Imeartha Buaite Comhscór Caillte Difríocht na Scór Pointí
Ciarraí 6 5 1 0 28 11
Maigh Eo 6 3 1 2 6 7
Ard Mhacha 6 3 1 2 11 7
Cill Dara 6 2 1 3 1 5
Dún na nGall 6 2 1 3 -9 5
Tír Eoghain 6 2 1 3 -12 5
Áth Cliath 6 2 0 4 -11 4
Muineachán 6 1 2 3 -14 4

 

 

Damien Comer. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Roinn 2

I Roinn 2, tá ardú céime faighte cheana féin ag Gaillimh tar éis dóibh Doire a shárú an deireadh seachtaine seo caite. Is in aghaidh Ros Comáin a bheidh na Gaillimhigh inniu agus foireann Anthony Cunningham ag iarraidh filleadh ar Roinn 1 freisin. Rachaidh Ros Comáin suas má bhuann siad ar Ghaillimh. Má chríochnaíonn siad féin agus Doire, atá pointe taobh thiar díobh ar an tábla faoi láthair, ar na pointí céanna, bainfear úsáid as difríocht na scór chun na foirne a scaradh óna chéile. Is in aghaidh chontae na Mí a bheidh Doire san Uaimh.

Ag bun Roinn 2, beidh contae an Dúin cinnte sa tríú Roinn an bhliain seo chugainn agus Corn Tailteann rompu an samhradh seo. Cé go bhféadfadh sé tarlú go ndíbreofaí contae an Chláir inniu freisin, bheadh ar chontae an Dúin iad a bhualadh le nach mór 30 pointe, chomh maith le comhscór a bheith ann sa chluiche eile idir Corcaigh agus Uíbh Fhailí. An cluiche sin i ndáiríre a shocróidh cé a rachaidh síos in éineacht leis an Dún. Beidh na buaiteoirí slán ach má chríochnaíonn na foirne ar comhscór, is mó seans gurb iad Uíbh Fhailí a rachaidh síos go dtí Roinn 3, chomh fada is nach mbaineann aon tubaiste do na Cláirínigh.

Cluichí

Gaillimh v Ros Comáin
An Mhí v Doire
Uíbh Fhailí v Corcaigh
An Dún v An Clár

Roinn 2
Imeartha Buaite Comhscór Caillte Difríocht na Scór Pointí
Gaillimh 6 6 0 0 46 12
Ros Comáin 6 4 2 0 31 10
Doire 6 4 1 1 26 9
An Mhí 6 2 2 2 -6 6
An Clár 6 1 2 3 -7 4
Corcaigh 6 1 1 4 -27 3
Uíbh Fhailí 6 1 1 4 -34 3
An Dún 6 0 1 5 -29 1

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Roinn 3

Níl ach babhta amháin cluichí fágtha, ach níl tada cinnte i Roinn 3 ó thaobh cé a rachaidh suas go dtí Roinn 2 nó cé a rachaidh síos go dtí Roinn 4.

Tá an Lú, Luimneach, Aontroim, An Iarmhí agus Fear Manach fós san iomaíocht ag barr an tábla. Chomh fada is nach gcailleann an Lú in aghaidh Chill Mhantáin, gheobhaidh fir Mickey Harte ardú céime. Déanfaidh Luimneach an beart freisin má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Fhear Manach. Má chailleann Luimneach, rachaidh an buaiteoir sa chluiche idir Aontroim agus an Iarmhí suas ina n-áit. Má chríochnaíonn Luimneach agus Fear Manach ar comhscór, rachaidh Luimneach suas má bhuann Aontroim ach má bhuann an Iarmhí an cluiche sin, iadsan a bheidh ag dul suas tar éis dóibh Luimneach a bhualadh níos luaithe sa tsraith.

Péire as na trí fhoireann – Laois, Cill Mhantáin agus an Longfort – a bheidh ag dul síos go dtí Roinn 4. Chomh fada is nach gcailleann Laois in aghaidh an Longfoirt, beidh siad slán. Má bhuann an Longfort, agus chomh fada is nach mbuann Cill Mhantáin ar an Lú, is iad Laois agus Cill Mhantáin a dhíbreofar. Má chríochnaíonn na foirne ar na pointí céanna, Laois a bheidh slán.

Cluichí

Cill Mhantáin v An Lú
Luimeach v Fear Manach
Aontroim v An Iarmhí

Laois v An Longfort

Roinn 3
Imeartha Buaite Comhscór Caillte Difríocht na Scór Pointí
An Lú 6 4 1 1 7 9
Luimneach 6 4 0 2 9 8
Aontroim 6 3 1 2 17 7
An Iarmhí 6 3 1 2 11 7
Fear Manach 6 2 2 2 0 6
Laois 6 2 1 3 4 5
Cill Mhantáin 6 1 1 4 -27 3
An Longfort 6 1 1 4 -21 3

Luke Towey. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Roinn 4

I Roinn 4, bhain An Cabhán agus Tiobraid Árann ardú céime amach aréir.

Fág freagra ar 'Go leor fós le socrú sa bhabhta deireanach den tsraith peile'