‘Go hiomlán míshásúil go bhfuil pobal na Gaeilge fós ag brath ar Acht Teanga nach bhfuil sách láidir’ – An Coimisinéir Teanga

Cúig bliana ó ainmníodh ina Choimisinéir Teanga é, deir Rónán Ó Domhnaill go bhfuil géarghá le leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga ‘sula mbeidh sé ródheireanach’

‘Go hiomlán míshásúil go bhfuil pobal na Gaeilge fós ag brath ar Acht Teanga nach bhfuil sách láidir’ – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil sé “go hiomlán míshásúil” go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag brath ar Acht Teanga nach bhfuil “sách láidir” breis is seacht mbliana ó gealladh go neartófaí é.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie cúig bliana ó ainmníodh ina Choimisinéir Teanga é, dúirt Rónán Ó Domhnaill go raibh géarghá le leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga “sula mbeidh sé ródheireanach”.

Breis is seacht mbliana ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha, is é an Breatimeacht an t-údar is déanaí leis an moill ar fhoilsiú na reachtaíochta chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil an mhí seo caite gur trua leis nár éirigh lena Roinn an Bille teanga a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo caite, ach nach raibh aon dul as anois ach é a chur siar arís toisc tús áite a bheith á thabhairt do reachtaíocht an Bhreatimeachta.

Is í an gheallúint is déanaí ná go mbeidh an bille teanga ar an gcéad phríomhliosta reachtaíochta eile ag an Rialtas i mbliana.

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil “an-díomá” air nach ndearnadh leasú ar an Acht ó ainmníodh é féin cúig bliana ó shin.

“Tá sé go hiomlán míshásúil go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag brath ar Acht Teanga ar minic nach mbíonn sé sách láidir chun a gcearta teanga a chosaint.

“Tá imní orm go gcaillfidh lucht labhartha na Gaeilge muinín sa bpróiseas reachtaíochta mura ndéanfar leasú ar an Acht Teanga go luath. Tá muid sa riocht anois nach féidir leath de na gearáin a dhéantar leis an Oifig a fhiosrú go foirmiúil mar nach dtagann na comhlachtaí poiblí a bhíonn i gceist faoi scáth an Achta nó mar gheall nach mbíonn dualgais chinnte ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge.”

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil scéimeanna teanga “atá ar bheagán fiúntais” fós á ndaingniú ag Aire na Gaeltachta in ainneoin fianaise a bheith ann, agus é admhaithe ag an Stát féin, nach bhfuil córas na scéimeanna ag feidhmiú mar ba chóir.

“Ní fhéadfadh aon Choimisinéir Teanga glacadh leis an gcur chuige sin,” a deir Ó Domhnaill.

Dúirt Ó Domhnaill in 2017 go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist le ceannteidil nua an Bhille Teanga “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014”.

Deir sé nár athraigh sé a phort faoi na ceannteidil sin ó shin.

“Mhol mé agus molaim fós na ceannteidil a foilsíodh, cé go bhfuil easnaimh áirithe iontu, ar ndóigh, ach tá sé thar am feoil a chur ar na cnámha agus bille nua a fhoilsiú agus a achtú chun cosaint cheart a thabhairt do chearta lucht labhartha na Gaeilge.”

Fág freagra ar '‘Go hiomlán míshásúil go bhfuil pobal na Gaeilge fós ag brath ar Acht Teanga nach bhfuil sách láidir’ – An Coimisinéir Teanga'

  • AnRógaire

    Thar am an earnáil phríobháideach a bheith san áireamh ó thaobh reachtaíochta teanga de ó tharla nach ndéanfaidh siad ar bhonn deonach é.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím go hiomlán leat a Rógaire.