Go fánach agus sách mall a chuireann an stát eolas ar fáil faoin bpaindéim i nGaeilge – taighde nua

I dtuarascáil nua ó DCU, deirtear go bhfuil ceachtanna go leor le foghlaim ag an Stát faoin gcumarsáid ilteangach agus faoin obair aistriúcháin aimsir géarchéime

Go fánach agus sách mall a chuireann an stát eolas ar fáil faoin bpaindéim i nGaeilge – taighde nua

Go fánach agus sách mall a chuireann an stát eolas ar fáil faoin bpaindéim i nGaeilge agus i dteangacha eile agus is minic nach ndéantar sin go dtí go n-éilítear é.

Sin cuid dá bhfuil le rá i dtuarascáil taighde nua faoin tslí ar dhéileáil an Stát le ceist an aistriúcháin ina chuid cumarsáide leis an bpobal faoin Covid-19.

Sa tuarascáil a rinneadh i Scoil an Léinn Teangacha Feidhmeacha agus Idirchultúrachais Fheidhmigh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath deirtear go bhfuil ceachtanna go leor le foghlaim ag an Stát faoin gcumarsáid ilteangach agus faoin obair aistriúcháin aimsir géarchéime. 

Deir údair na tuarascála nua, Sharon O’Brien, Patrick Cadwell agus Alicja Zajdel, gur chóir go mbeadh an t-eolas a chuirtear ar fáil aimsir géarchéime “tráthúil, cruinn, iontaofa, agus cuí, go háirithe nuair a bhaineann an ghéarchéim sin leis an tsláinte. 

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil comharthaí ann go bhfuil feabhas ag teacht ar thuiscint an HSE ar an gcumarsáid ilteangach le linn géarchéime agus gur chuir siad eolas ar fáil faoin bpaindéim sa Bhéarla, sa Ghaeilge, i dteanga chomharthaíochta na hÉireann agus i 24 teanga eile.

Ach deirtear chomh maith gur fhág an easpa ar an gcumarsáid faoin Covid-19 gur fágadh faoi eagraíochtaí amhail Tuairisc.ie eolas ón Stát a chur ar fáil do chuid den phobal ina dteanga féin.

I gcás teangacha eile bhí lucht a labhartha ag brath ar fhoinsí nuachta d’eolas faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí. Ba mhinic na foinsí sin a bheith i dtíortha eile mar a raibh comhairle agus srianta eile i bhfeidhm faoin bpaindéim.

Deirtear sa tuarascáil go raibh locht chomh maith ar an gcur chuige “ón mbarr anuas” a bhí á úsáid i dtaobh eolais agus gur drochsheans go rachadh na daoine a mbíonn a leithéid d’eolas uathu á lorg ar shuíomhanna amhail ceann an HSE.

Deir údair na tuarascála Communicating Covid-19: Translation and Trust in Ireland’s Response to the Pandemic, a bhfuil leagan Gaeilge di ar fáil anseo, gur léirigh a gcuid taighde gur theip ar an reachtaíocht Ghaeilge a chinntiú go ndéanfaí cumarsáid leis an bpobal i nGaeilge le linn na paindéime. 

Ar na príomhmholtaí sa tuarascáil deirtear gur chóir “tús áite a thabhairt do na teangacha oifigiúla sa tír i gcumarsáid an rialtais, rud a chiallaíonn an t-ábhar céanna atá á sholáthar i mBéarla a sholáthar sna teangacha sin gan aon mhoill agus a chinntiú go bhfreastalóidh seisiúin faisnéise an rialtais agus tuairiscí nuachta ó bhealaí meán atá maoinithe ag an stát ar gach teanga oifigiúil”.

Deirtear go bhféadfadh an Rialtas foghlaim chomh maith ón méid atá foghlamtha ag an HSE faoin gcumarsáid ilteangach le linn géarchéime.

Deirtear, mar shampla, go bhféadfadh an rath a bheadh ar chlár vacsaínithe an Rialtais a bheith ag brath ar chumas ranna éagsúla a bheith in ann cumarsáid iontaofa a dhéanamh le pobail teanga éagsúla. 

Maítear sa tuarascáil nárbh léir i gcónaí ó thús na paindéime cén chuid den rialtas a raibh an phríomhfhreagracht uirthi ó thaobh an aistriúcháin éigeandála. 

Fág freagra ar 'Go fánach agus sách mall a chuireann an stát eolas ar fáil faoin bpaindéim i nGaeilge – taighde nua'

  • Mánus

    Seanscéal agus meirg air. Tá sé in am gníomhú dúinn fhéin. Bunaimís comharchumainn tithíochta. Tá an Státchóras i gcoinne na teanga náisiúnta.
    Caithfidh go bhfuil fiontraithe, tógálaithe, ailtirí, oifigigh pleanála, baill de comharchumainn tithíochta, draíodóirí airgid srl sa GAA agus i bpobal na Gaeilge a bheadh báiúil don smaoineamh agus sásta tacú le heastát lánGhaeilge a bhunú. Tá an cur chuige profisiúnta praiticiúil ag an GAA chun togra mar sin a chur i gcrích. Go dtí go bhfuil go bhfuil pobail Ghaelacha uirbeacha i mBleácliath , Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach ní bheidh an Ghaeilge pioc slán.

  • Treasa

    Drochscéal gan dabht. Deascéal faoi cumainn tithíochta a bhunú, a Mhánais. Cén fáth nach bhfuil cathracha Dhoire agus Phort Láirge i gceist agat fresin? Ní mór go mbeadh cumainn tithíochta do Ghaeilgeoirí i ngach réigiún. Rinne siad é sin i mBéal Feirste.

  • Bríd

    Thar am athbhreithniú a dhéanamh ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta! Cén costas atá ag baint leis don cháin íocóir & cá bhfuil an t-airgead sin á chaitheamh? Tré dhearcacht & fiosrúchán ag teastáil ar conas a chaitear airgead stáit. Aon Iriseoir Gaeilge ar fáil tabhairt faoi….

  • Poraic o'hEipicín

    Sár smaoineamh.