‘Go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfíorGhael an bhliain seo chugainn’ – Beirní Ní Chuinn

Sa tsraith seo caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar an mbliain 2020 i bhfochair roinnt Gael aitheanta. An geábh seo, is í Beirní Ní Chuinn, clár-eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4, atá linn

‘Go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfíorGhael an bhliain seo chugainn’ – Beirní Ní Chuinn

1. An bhfuil aon rún agat don bhliain 2020?

Scaoileadh leis an bhfothragadh agus aire a thabhairt dom shláinte.

2. Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Bliain nua agus tús nua.

3. Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Go mbeadh éinne a bhaineann liom i ndrochshláinte.

4. Céard é an rud is mó ar mhaith leat a bhaint amach in 2020?

An Nollaig seo chugainn. Go mbainfeadh mé féin, mo mhuintir agus mo chairde an Nollaig amach.

5. Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2020?

Bliain bhisigh í 2020. Mar sin, ní bheadh a fhios agat cad a thabharfadh an lá breise chugam nó go dtí mo mhuintir.

6. Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2020, céard a d’athrófá?

Go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfíorGhael.

Fág freagra ar '‘Go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfíorGhael an bhliain seo chugainn’ – Beirní Ní Chuinn'

  • Aodán Ó Sé

    Líon na bhfíorGhael? Cad iad féin? An ionann Éireannach agus Gael? Daoine ioldánach, ilteangach, ioldaite iad muintir na hÉireann sa lá atá inniu ann, buíochas le Dia!

  • Aisling

    An focal eile ar ‘cainteoir dúchais’ í “fíorGhael”? Nó cad a chiallaíonn sé?

  • Maidhc

    Cad is ‘fíorGhael’ ann nuair a bhíonn sé ag baile?

  • An Teanga Bheo

    Gaillimh abú do 2020 cinnte