Go bhfóire dia orainn! Beidh bloc láidir frith-Eorpach sa pharlaimint nua…

D’fhéadfadh go n-éireoidh i dtoghcháin na hEorpa in Éirinn le cúigear atá in aghaidh pholasaithe déine an Aontais Eorpaigh agus a chuirfidh in aghaidh bhunú airm Eorpaigh

Go bhfóire dia orainn! Beidh bloc láidir frith-Eorpach sa pharlaimint nua…

Go bhfóire dia orainn! Bhí an faitíos agus an t-uafás soiléir in alt san Irish Times a thug le fios go bhféadfadh bloc atá naimhdeach don Aontas Eorpach os cionn trian de na suíocháin i dtoghchán na hEorpa a bhaint.

Mura mbeidh na fórsaí ar son an Aontais aontaithe sa bparlaimint nua, d’fhéadfadh pairilis pholaitiúil a bheith i lár an Fhiontair Eorpaigh, a dúirt Susi Dennison, oifigeach mór le rá le Coimisiún na hEorpa.

Go fírinneach, is cur i gcéill ar fad é an ‘toghchán’ céanna, mar ní dhéanann sé puinn difríochta cé a bhuafas nó cé a chaillfeas.

Mar sin féin, más fíor don suirbhé seo, a rinne grúpa taighde san Eoraip, is léir go bhfuil míshástacht fhorleathan ann i dtaobh an Aontais ar fud na hEorpa.

Go hiondúil nuair a dhéantar trácht ar an míshástacht sin ní dhéantar ach plé seafóideach faoi ‘pobalachas’ is antoisceachas. Fágtar ar lár sa ‘díospóireacht’ an bhuncheist: céard atá cearr leis an Aontas nó cén réiteach a d’fhéadfadh a bheith ar an scéal?

Ar ndóigh ní léann éinne, in Éirinn, cinnte, cláir thoghchánaíochta na bpáirtithe, ach is fiú suntas a thabhairt do chúpla pointe iontu.

Maidir leis an Arm Eorpach, rinne ceathrar feisirí de chuid Fhine Gael ráiteas roinnt míonna ó shin ag tacú go láidir le cruthú an airm nua, beag beann ar neodracht thraidisiúnta na tíre seo.

Ach is beag fáilte a cuireadh roimh an ráiteas céanna, agus tá sé spéisiúil nach luaitear an moladh seo i gcás an EPP, an grúpa Eorpach a mbaineann Fine Gael leis, mar gheall arán bhfaitíos atá ar pháirtí Leo Varadkar faoin ábhar.

Níl an sotal céanna ag cur as d’Fhianna Fáil. Baineann Fianna Fáil leis an ngrúpa ALDE, grúpa páirtithe liobrálacha den chuid is mó atá an-díograiseach ar son na hEorpa. Agus mar chuid dá gclár toghchánaíochta, tá gealltanas tugtha acu go bhfuil siad ar son an airm nua.

An bhfuil a fhios ag muintir na hÉireann faoi seo? An bhfuil a fhios ag baill Fhianna Fáil faoi?

Cinnte ní féidir an oiread sin muiníne a bheith againn as na pobalbhreitheanna faoi láthair – léirigh Red C go raibh Fine Gael deich bpointe chun tosaigh ar Fhianna Fáil ach léirigh Behaviour & Attitudes an Sunday Times go raibh Fianna Fáil pointe chun tosaigh ar Fhine Gael!

Ach tá sé ag éirí níos soiléire anois cá rachaidh suíocháin na hÉireann i dtoghcháin na hEorpa, go háirithe i bhfianaise phobalbhreith de chuid Red C a foilsíodh seachtain ó shin.

Bhí ainmneacha na n-iarrthóirí ar an bpáipéar pobalbhreithe ag Red C. 33% a bhí ag Fine Gael, 21% a bhí ag Fianna Fail agus 16% a bhí ag Sinn Féin.

Bíonn Sinn Féin i gcónaí an-íseal ag Red C i gcomparáid leis na comhlachtaí eile, ach bunaithe ar na figiúirí sin ba chóir go gcoinneodh siad a dtrí suíocháin sna Sé Chontae Fichead agus ceann Martina Anderson ó thuaidh, má bhíonn toghchán Eorpach ansin.

Tá na meáin i gcoitinne ag súil go gcaillfidh Sinn Féin tacaíocht de bharr leithéidí Clare Daly agus Grace O’Sullivan a bheith ag seasamh, ach ní mar sin a fheictear an scéal domsa.

Agus is fiú a lua go bhfuil Sinn Féin ag éirí níos criticiúla arís faoin Aontas Eorpaigh, agus béim á cur arís aici ar an mbearna idir iad agus an bhunaíocht Eorpach. Aiseolas ó lucht stocaireachta is bun leis sin, b’fhéidir.

I mBaile Átha Cliath ceapaim go mbeidh suíochán ag Frances Fitzgerald, Fine Gael, agus Barry Andrews, Fianna Fáil, in éineacht le Lynn Boylan, Sinn Féin. Ceapaim go mbeidh an suíochán deiridh ansin (más ann dó) ag Clare Daly nó Ciarán Cuffe.

Ó dheas, ceapaim go gcoinneoidh Fine Gael an dá shuíochán atá acu, Deirdre Clune agus Seán Kelly, go mbuafaidh Billy Kelleher ceann d’Fhianna Fáil, agus go n-éireoidh le Liadh Ní Riada ceann a fháil do Shinn Féin arís.

Ceapaim gur idir Malcolm Byrne, Fianna Fáil, agus b’fhéidir Mick Wallace, a bheidh an suíochán deiridh ansin, sin má bhíonn vótóirí Chúige Laighean ag iarraidh iarrthóir dá gcuid féin a chur chun na hEorpa. Ní féidir Grace O’Sullivan as Port Láirge atá ag seasamh don Chomhaontas Glas a chur as an áireamh ach oiread.

Tá cúrsaí san iarthuaisceart níos soiléire. Ní cóir go mbeadh aon trioblóid anseo ag Mairéad McGuinness, Fine Gael, Brendan Smyth, Fianna Fáil, ná ag Matt Carthy, Sinn Féin.

Agus creidim go mbeidh Luke Ming Flanagan go mór chun tosaigh ar Peter Casey sa rás don suíochán deiridh.

Má tá an ceart agam, beidh cúig shuíochán ag daoine atá in aghaidh pholasaithe is straitéisí déine an Aontais agus a chuirfidh in aghaidh an airm Eorpaigh.

Mórán an céatadán céanna a bheidh i gceist ar fud na hEorpa, más maith nó olc sin.

Fág freagra ar 'Go bhfóire dia orainn! Beidh bloc láidir frith-Eorpach sa pharlaimint nua…'