‘Go bhfóire Dia ar Chonamara má dhéantar cónascadh idir comhairlí na Gaillimhe’

Tá tuairimí éagsúla ann faoin scéal go bhfuiltear ag teannadh i dtreo iarracht  dhéanamh an Comhairle Chontae agus an Chomhairle Cathrach i nGaillimh a fháisceadh ina chéile

‘Go bhfóire Dia ar Chonamara má dhéantar cónascadh idir comhairlí na Gaillimhe’

‘Go bhfóire Dia ar Chonamara má chuirtear Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe isteach in éineacht.’  B’in a bhí le rá ag comhairleoir amháin as iarthar Chonamara, an Comhairleoir Thomas Healy as an gCladach Dubh, siar ó thuaidh ón gClochán, ag cruinniú de choiste Bardasach Chonamara le gairid.

“Éiríodh muid as an bhfuarchaoineachán. B’fhearrde muid uilig istigh i dteannta na Comhairle Cathrach,” a dúirt  an Comhairleoir Contae Thomas Welby as Uachtar Ard, ag an gcruinniú céanna. 

Pé duine den bheirt acu atá ceart, tá an sruth i dtreo an chónasctha tosaithe. 

D’fhoilsigh an Rialtas an Bille Rialtais Áitiúil 2018 an tseachtain seo ina moltar go gceapfaí aon Phríomhoifigeach, nó Bainisteoir amháin ar an gComhairle Contae agus ar an gComhairle Cathrach.  Is léir, go bhfuiltear ag teannadh i dtreo iarracht leis an dá Chomhairle a fháisceadh ina chéile.  De réir scéalta neamhoifigiúla, táthar ag súil go mbeidh cuid mhór den obair seo déanta faoin mbliain 2021.

Ceaptar go mbeadh tromlach na gcomhairleoirí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe in aghaidh an chónasctha, ach níl sé d’údarás acu an iarracht a stopadh.  I nDáil Éireann a chaithfí é sin a dhéanamh, mar a dteastódh cuid mhaith de cheithre scór vóta.

Ní príomhfheidhmeannach rialtais áitiúil i nGaillimh amháin atá i gceist sa mbille Oireachtais seo mar go mbaineann cuid de le hatheagar ar cheantar chathair agus chontae Chorcaí freisin. 

Dá réir sin, d’fhéadfadh sé gur leasuithe a bheadh le déanamh ar an mBille Rialtais Áitiúil 2018 má bhíonn cuid shuntasach de le n-athrú.

Tá Fianna Fáil in aghaidh an chónasctha, a deirtear.  “Tá Micheál Ó Máirtín, ceannaire Fhianna Fáil ina aghaidh, go dtí seo,” a deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí na tuaithe.

Tugadh suntas don fhrása “go dtí seo” ach ní thabharfadh an Teachta Ó Cuív aon léargas eile ar bhrí na bhfocal sin.

Má chloíonn Micheál Ó Máirtín lena sheasamh i bhfabhar stádas neamhspleách na Comhairle Contae agus na Comhairle Cathrach i nGaillimh, beidh fadhb ag an Rialtas i dtaobh an Bhille nua.   Bheadh sé chomh dóigh céanna go mbeadh Sinn Féin in éadan pholasaí an Rialtais freisin. Bheifí gar go maith ansin do mhóramh in aghaidh chónascadh na n-údarás áitiúil i nGaillimh.  Níor ghá go dtitfeadh socruithe polaitiúla as a chéile i dTeach Laighean dá bharr ach ní maith a ghabhfadh a leithéid de dhroim láimhe don Rialtas.

An dream atá ar son an chónasctha, táthar a cheapadh go mbeadh laghdú ar chostas riaracháin agus sábháil airgid i gceist.  Lena chois sin, ceaptar go mbeadh an córas níos éifeachtaí agus go mbaineann go leor dá bhfuil ar bun sa gcathair leis an gcontae uilig.  Fiú mura mbeadh i gceist ann ach na bóithre agus an trácht, a deirtear, is léir go mbaineann aon réiteach ar na ceisteanna sin leis an gcathair agus leis na ceantair máguaird araon. 

Ach ní fheiceann go leor Comhairleoirí Contae gur chun leasa na tuaithe a rachadh pé buntáiste a bheadh i gceist. 

Tugann ráiteas Thomas Healy léargas ar an imní atá ar Chomhairleoirí atá ar imeall an chontae.  Feictear do chuid mhór acusan go bhfuil i bhfad an iomarca forlámhais ag an gcathair agus ag ‘meon na cathrach’ ar na pobail atá i bhfad amach uaithi.  Ar an taobh eile den scéal bheadh riar maith Comhairleoirí atá níos gaire den chathair níos mó i bhfabhar an chónasctha.  Tá an limistéar isteach go Gaillimh as Uachtar Ard agus as an Spidéal níos mó faoi anáil na cathrach anois, gan ach an tíreolaíocht féin a lua.

Is amhlaidh atá an scéal taobh thoir den chathair chomh maith.

Creideann Thomas Welby agus a leithéidí gur fearr an deis a  bheadh ag an údarás áitiúil faoina chló nua, an contae agus an chathair i dteannta a chéile, ar mhaoiniú. Measann Welby go mbeadh méid agus stádas ag an gComhairle nua sin. Bheadh lámh níos láidre acu i mBaile Átha Cliath agus bheadh níos mo foinsí airgid ar fáil don cheantar, a mhaíonn sé.   

Ceist eile ar ndóigh, cén áit is mó sa gceantar a gcaithfí an ciste sin, bíodh sé flaithiúil féin, agus sin í an imní atá ar thromlach na gComhairleoirí.

Bhí comhairleoirí as an gcontae agus as an gcathair i dteannta a chéile ar feadh na scórtha bliain ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Ba é Garret Fitzgerald, nuair a bhí sé ina Thaoiseach, a chuir deireadh leis an gcóras sin nuair a d’fhógair sé oíche chinn bhliana 1984 go raibh cathair na Gaillimhe ag fáil stádas mar Chomhairle Buirg. Ba í 1984 bliain cheiliúrtha na gCúig Céad i gCathair na dTreabh agus thug an cinneadh sin an stádas céanna don Chomhairle Cathrach agus a bhí ag an gComhairle Contae.

San am sin, 47,000 an daonra a bhí sa gcathair agus tá 80,000 inti anois.  I lár na 1980idí bhí 131,000 i gContae na Gaillimhe, taobh amuigh den chathair ach tá sin méadaithe anois go dtí 179,000 duine.  Saol agus ré eile a bhí ann an tráth sin:  bhí 31 ball ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na comhairleoirí as an gcathair san áireamh ansin. Bheadh 57 ball ar an gComhairle anois dá ndéanfaí an cónascadh.  Meastar go laghdófaí líon na gcomhairleoirí agus gurbh iad na réigiúin ar imeall an chontae is mó a chaillfeadh ionadaíocht.   

Ní léir go fóill pé scéal é gur ceist mhór í seo i measc an phobail nó i dTeach Laighean féin. Níl de thuairisc againn faoin scéal uilig fós ach go bhfuil Micheál Ó Máirtín i nDáil Éireann ag cur a chosa i dtaca in aghaidh an athraithe “go dtí seo”. 

Fág freagra ar '‘Go bhfóire Dia ar Chonamara má dhéantar cónascadh idir comhairlí na Gaillimhe’'