Gnó búistéireachta den scoth curtha de dhroim seoil sa Daingean ag ‘na hollmhargaí móra’

Níl ach aon siopa búistéara amháin eile fágtha sa Daingean anois a dhíolann feoil na háite i gcónaí, sin é siopa Jerry Uí Chinnéide, ó Abhainn an Scáil

Dingle An Daingean

An deireadh seachtaine seo a d’imigh tharainn, do tháinig deireadh le gnó búistéireachta sa Daingean a raibh ardcháil agus ardmheas air i measc na cosmhuintire i gCorca Dhuibhne. Is é sin gnó búistéireachta Pháidí Pháid Ó Muircheartaigh, fear Gaeltachta ó Bhaile An Lochaigh, ag bun Chnoc Bhréanainn, ó dhúchas. 

In aice le garáiste Uí Mhóráin sa Daingean a bhí an gnó ar bun aige le hocht mbliana anuas agus tarraingt na ndaoine air mar go raibh gnó den scoth ar bun aige agus trácht air dá réir.

Bhí tráth ann a mbíodh siopa búistéara ar nach mór gach sráid sa Daingean nó i nDaingean Uí Chúis, mar a thugtar inniu air. Go deimhin bhí sráid amháin, Sráid A’ Doirín, ar cuimhin leis an scríbhneoir seo trí cinn de shiopaí búistéireachta a bheith uirthi, le linn dó bheith ina gharsún.  Bhí aithne ag an saol agus a mháthair ar ‘Patty Atty’ Ó Muircheartaigh, mar shampla, a mbíodh togha na feola agus na cuideachtan ar fáil ann ag gach n-aon a théadh thar táirsigh chuige.

Deir Páidí Pháid go neamhbhalbh gurb iad na hollmhargaí is cúis le deireadh a chur lena ghnó toisc iad a bheith ag díol feola faoi bhun an phraghais a chaithfeadh sé féin a bhaint amach. “Tá siad ag díol na feola faoi bhun costais agus n’fheadair éinne cad as atá cuid den bhfeoil sin ag teacht go dtí na hollmhargaí. Feoil na háite ar fad a bhí agamsa agus bhínn ag iarraidh seirbhís mhaith a thabhairt do mo chustaiméirí i gcónaí. N’fheadar cad a dhéanfaidh mé anois chun mo theaghlach a chothú ach beidh orm post a fháil in áit éigin, go bhfóire Dia orainn.”

Tá dhá ollmhargadh sa Daingean a bhfuil iomaíocht an-ghéar eatarthu, Super Valu Thomáis Uí Ghairbhia agus ollmhargadh Lidl ar Bhóthar a’ Spá.

Níl ach aon siopa búistéara amháin eile fágtha sa Daingean anois a dhíolann feoil na háite i gcónaí, sin é siopa Jerry Uí Chinnéide, ó Abhainn an Scáil, agus tá sé sin ar an bhfód le hos cionn fiche bliain.

Tá ionaid ghnó eile fógartha ar díol ar fud na leithinse le tamall anuas, tithe tábhairne agus bialanna sa Ghaeltacht ina measc.

Fág freagra ar 'Gnó búistéireachta den scoth curtha de dhroim seoil sa Daingean ag ‘na hollmhargaí móra’'