GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA – Tá na bronntanais Nollag ‘sorted’ ag Cois Life…

Bíonn obair dhian ag baint le siopadóireacht na Nollag ach is féidir an beart a dhéanamh le Cois Life gan bogadh ón tolg fiú

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA – Tá na bronntanais Nollag ‘sorted’ ag Cois Life…

Phioc mé suas Seanfhocla Chonnacht aréir agus mé díomhaoin ar an tolg. Ní chuireann an Nollaig lá braodair ar m’fhear céile, ach ní mar sin domsa. Fadhb na mbronntanas ag cur as dom cheana, agus ní dóigh liom go ndéanfaidh cairéad ollmhór bog ó Aldi le malaí agus beola air cúis. Bhí mé ag iarraidh sos a thógáil ó na cairéid chéanna, agus ó na pióga mionra agus ón gcáca a bhí fós le bácáil, agus – ná bac! Bhuel, toisc gurb é an tráth seo den bhliain é, thosaigh mé ag fiosrú na Nollag. ‘Má thuiteann Lá Nollag ar Dhéardaoin, tiocfaidh geimhreadh stoirmiúil ina líon’. Oiriúnach, gan dabht. Bhreathnaigh mé ar an bhféilire – bhuel, cosúil leis na tuismeánna, ní raibh sé cruinn. An Mháirt a bheidh sé againn i mbliana. Lean mé orm. ‘Lá Nollag ar an Aoine is an t-earrach ar bheagán daoine’, a fuair mé ansin. Níos measa fós! Ach arís níor bhain, buíochas le Dia. Nó b’fhéidir buíochas leis an diabhal, agus an fhadhb atá againn le róphlódú daonna. Lean mé orm agus fuair mé é: ‘Lá Nollag ar an Máirt, is chuile dhuine ag súil le leabhair’. Sin é! Gread leat, a chrá croí an tséasúir – tá na bronntanais Nollag ‘sorted’!

Sin a cheap mé ar dtús. Ach ansin tháinig an bhuairt ar ais. Tá mo mhuintir chomh cantalach, nósúil, beadaí nach féidir iad a shásamh le ‘leabhar éigin’ a phiocfá suas ar na seilfeanna gar don doras sa siopa leabhar is áisiúla. Bheadh orm bheith cliste. Chaith mé uaim an diabhal leabhar agus chuir mé an teilifís ar siúl. Céard a bhí á chraoladh ar ndóigh ach na gradaim náisiúnta leabhar! Smaoineamh nó dhó, b’fhéidir. B’fhéidir? Céard a bhí luaite ar ghearrliosta na ngradam do leabhar Gaeilge na bliana, ach Fuascailt an iriseora. Is iriseoir é mo dheartháir, cé nach bhfuilim cinnte an bhfuil sé fuascailte (gach seans go bhfuil tuairim eile ag a bhean chéile). D’oscail mé suíomh Cois Life ar an bhfón póca – na laethanta seo, ’bhfuil a fhios agat, is féidir rud ar bith a dhéanamh ón tolg. Isteach sa chiseán leis! Hmm, a dúirt mé, agus mé anseo n’fheadar an dtiocfaidh mé ar rud ar bith eile. Nílim in ann riamh postas a íoc ar líne ar rud amháin, i gcónaí tá orm rud eile a chur leis, ionas ‘gurbh fhiú’ é. Tá na céadta caite agam ar mhaithe le postas a shábháil.

An chéad leabhar eile a mheall mo shúil ná Oilithreacht Pinn. Bhí mé tar éis é a chloisteáil ar Book on One an tseachtain seo caite, agus bhuaigh sé Gradam ag an Oireachtas freisin! Bhuel, ní féidir leat dul amú lena leithéid de leabhar. Closleabhar saor in aisce freisin! Isteach sa chiseán leis. Tá m’athair an-ghafa le scríbhneoireacht taistil. Foirfe! Agus mo mháthair le filíocht – chonaic mé leabhar filíochta ón údar céanna, dánta a chum sé ar an tslí, Camino. Péire leabhar don lánúin. Isteach sa chiseán.

Ach ní daoine stuama chuile dhuine sa teaghlach. Bhí leabhair eile ar fad ag teastáil do na gasúir. Chliceáil mé liom, agus ansin a chonaic mé í, luchóg bheag ag féachaint amach orm ón gclúdach: Ainmhithe na hÉireann. Lacáiste air, freisin. Trí chóip mar sin. Isteach sa chiseán leo!

Agus faoi dheireadh, cén leabhar a gheofá don bhuanchara sin i do shaol, a bhfuil tú tar éis chuile ní beo a thabhairt di thar na blianta, agus chuile ní beo aici cheana ar ndóigh? Bhuel, ní féidir rud ar bith níos áille a thabhairt agus bliain nua ag teannadh linn ach dialann. Dialann ghleoite a luann na féilte ar fad, agus seanfhocal le beagnach gach lá is é Leabhar laethanta. Isteach leis sa chiseán freisin. Clic amháin eile, Paypal curtha isteach, clic eile – déanta!

‘Bia agus deoch na Nollag agus éadach úr na Cásca.’ Bhí mé réidh don deoch ar aon nós! Obair dhian fhiúntach déanta agam agus gan bogadh ón tolg fiú. Agus bhí m’fhear céile beagnach críochnaithe leis na gréithe, ní fiú dom na cosa a chur fúm … gach seans … ‘A stór, aon seans go bhfuil gloine fíona ar fáil?’!

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA – Tá na bronntanais Nollag ‘sorted’ ag Cois Life…'