GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ar na mallaibh

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Ag seoladh Sheachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026, bhí baill de Chomhairle Contae Dhún na nGall, Coiste na Gaeilge, Rannóg na Gaeilge, an tSeirbhís Leabharlainne, Oifigigh Pleanála Teanga, Príomhoide agus Leas-Phríomhoide Ghaelscoil na gCeithre Máistrí agus Bord Bainistíochta na scoile. Grianghraf le Siobhán McGowan

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ar na mallaibh.

Ina measc siúd a bhí i láthair, bhí baill de Choiste na Gaeilge, stiúrthóirí ón Chomhairle, oifigigh ó Rannóg na Gaeilge agus ón tSeirbhís Leabharlainne, Oifigigh Pleanála Teanga sa chontae, pobal na scoile agus Bord Bainistíochta na scoile.

Céiliúradh lán le ceol, filíocht, damhsa agus scéalaíocht a bhí ann. Chuir daltaí na Gaelscoile, grúpa airneáil Bhaile Dhún na nGall agus Maura Logue siamsaíocht ar fáil ar an lá.

Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig a sheol Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil. Grianghraf le Siobhán McGowan

Chuir Príomhoide na Gaelscoile, Eoghan Ó Gráda fáilte roimh an slua a bhí i láthair agus mhaígh sé gur cúis mhór bhróid dóibh gur seoladh an fhéile go hoifigiúil sa scoil. Is bunscoil lánGhaelach í Gaelscoil na gCeithre Máistrí a bunaíodh sa bhliain 1999 chun freastal ar éileamh do bhunoideachas trí mheán na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall. Tá an scoil ag dul ó neart go neart ó shin a bhuíochas don ghrúpa tuismitheoirí agus do na Gaeil sin a raibh fís acu ag an am. Ní raibh baile buan ag pobal na scoile go dtí gur tógadh foirgneamh úrnua anuraidh.

Labhair Seosamh Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin leis an tSeirbhís Leabharlainne, faoin tábhacht atá le caomhnú na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall. “Tá clú bainte amach ag Baile Dhún na nGall mar gheall ar an chaisleán agus tógtar caisleán nuair atá rud luachmhar le cosaint. Cosúil le caisleán, déanann pobal na scoile cosaint ar an teanga agus tuigeann siad go gcaithfidh siad an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn taobh amuigh de bhallaí na scoile agus dá bhrí sin, tá Gaeltacht bheag á tógáil acu i mBaile Dhún na nGall.”

Grúpa ceoil Ghaelscoil na gCeithre Máistrí a chuir siamsaíocht ar fáil ag an ócáid. Grianghraf le Siobhán McGowan

Rinne Cathaoirleach ar Choiste na Gaeilge sa Chomhairle, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig cur síos ar an bhorradh a tháinig ar chúrsaí Gaeilge taobh istigh den Chomhairle Contae le blianta beaga anuas ach d’admhaigh sé go bhfuil bealach fada rompu go fóill. Chuir sé béim ar an aos óg agus a thábhachtaí is atá sé a chinntiú go mbeidh todhchaí na Gaeilge is na Gaeltachta slán. “Tá ról lárnach ag an aos óg lena chinntiú go ndéanfaí an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile ach caithfear a chinntiú go bhfuil tithíocht á cur ar fáil agus go bhfuil pá réasúnta ag na Gaeil chun maireachtáil sna ceantair seo. Má tá an rialtas dáiríre faoin cheist seo agus má tá athrú le theacht, ní hiad na polaiteoirí a dhéanfas é ach an pobal.”

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil ar fud an domhain go dtí 17 Márta agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge curtha le chéile ag Rannóg na Gaeilge agus ag an tSeirbhís Leabharlainne sa Chomhairle Contae le cois grúpaí pobail eile ar fud Chontae Dhún na nGall. I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl beidh Ceardlann Garraíodóireachta le Deirdre Ní Bhraonáin, Ceardlann Ríomheolaíochta do pháistí, an seó grinn ‘Gaelgháirí’ agus Ciorcail Chomhrá Ghaeilge i roinnt d’Ionaid Seirbhísí Poiblí na Comhairle.

Moltar don phobal a bheith rannpháirteach sa cheiliúradh beag beann ar a gcumas Gaeilge. “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.”

Maura Logue i mbun léiriú staire mar chuid den seoladh. Grianghraf le Siobhán McGowan

 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil'