GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Samhraidh Bhord na Gaeilge UCD

Mar gheall ar an rath a bhí ar Scoil Samhraidh Bhord na Gaeilge UCD (Tionól Gaeilge UCD 2017), tá cinneadh déanta ag Bord na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an t-imeacht a reáchtáil arís i mbliana. Beidh an scoil samhraidh seo, atá á heagrú arís i gcomhar le Gaelchultúr, ar siúl ó mhaidin […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Samhraidh Bhord na Gaeilge UCD

Miriam O'Callaghan. Pictiúr: Colm Mahady / Fennells

Mar gheall ar an rath a bhí ar Scoil Samhraidh Bhord na Gaeilge UCD (Tionól Gaeilge UCD 2017), tá cinneadh déanta ag Bord na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an t-imeacht a reáchtáil arís i mbliana. Beidh an scoil samhraidh seo, atá á heagrú arís i gcomhar le Gaelchultúr, ar siúl ó mhaidin Dé Luain, 2 Iúil, go dtí am lóin Dé hAoine, 6 Iúil, ar champas Belfield agus beidh meascán de ranganna teanga, de léachtaí agus d’imeachtaí sóisialta ar siúl lena linn.

“D’éirigh thar barr leis an gcéad Tionól anuraidh,” a deir bainisteoir an tionscadail, Clár Ní Bhuachalla ó Bhord na Gaeilge UCD. “Bhí sé mar sprioc againn 50 duine a mhealladh chuige ach d’fhreastail suas le 70 duine air sa deireadh. Bhí an t-aiseolas a fuaireamar an-dearfach go deo – thaitin an meascán de ranganna ag leibhéil éagsúla, de léachtaí ar réimse topaicí agus d’imeachtaí cultúrtha san oíche leis na rannpháirtithe agus dúirt go leor acu go raibh sé i gceist acu filleadh ar an Tionól i mbliana.”

Tá Tionól Gaeilge UCD dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach. Beidh sé an-oiriúnach do mhic léinn atá ag plé leis an nGaeilge nó leis an Léann Éireannach, sa tír seo agus i dtíortha eile.

Le linn an Tionóil, beidh ranganna teanga ar siúl gach lá, Luan go hAoine, ó 9.30am go 1.00pm. Déanfar na ranganna seo a thairiscint ag cúig leibhéal éagsúla. Beidh léachtaí ar siúl tar éis lóin, Luan go Déardaoin, ina ndíreofar ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach. Tá an clár iomlán agus sonraí eile i dtaobh na scoile le fáil i mbróisiúr an Tionóil ag www.ucd.ie/bnag/ga/seirbhisi/tionolgaeilgeucd/

Tá méid áirithe seomraí curtha in áirithe in ionad cónaithe na hOllscoile, sa treo is go mbeidh lóistín ar fáil do rannpháirtithe le chéile agus an deis acu iad féin a thumadh sa teanga ar feadh na seachtaine. (Agus, ós ag tagairt do lóistín atáimid, tabhair faoi deara go bhfuil an comórtas do Scéim naithe Bhord na Gaeilge UCD 2018-2019 (scoláireachtaí do mhic léinn na hArdteiste) oscailte anois freisin agus tá go dtí deireadh na míosa ag mic léinn chun iarratas a dhéanamh ag http://www.ucd.ie/bnag/ga/teachnagaeilge/scolaireachtaisceimchonaithegaeilge

Is féidir teacht ar eolas breise maidir leis an Tionól nó le Scéim naithe na mac léinn ach teagmháil a dhéanamh le Clár Ní Bhuachalla, Bord na Gaeilge UCD, ag an seoladh clar.nibhuachalla@ucd.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Samhraidh Bhord na Gaeilge UCD'