GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Gheimhridh Merriman 2018 – an 50ú Scoil Gheimhridh

Éigse Éireann go hAonteach’ téama Scoil Gheimhridh Merriman na bliana seo agus 50 bliain a bunaithe á cheiliúradh

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Gheimhridh Merriman 2018 – an 50ú Scoil Gheimhridh

Gné-alt fógraíochta

Tionólfar an 50ú Scoil Gheimhridh Merriman in Inis deireadh seachtaine an 26-28 Eanáir 2018. ‘Éigse Éireann go hAonteach’ téama scoil na bliana seo agus is iad Máire Ní Neachtain agus Liam Ó Dochartaigh stiúrthóiri na scoile. I gcomhar leis an tionscnamh áitiúil teanga ‘An Clár as Gaeilge’ atá an scoil seo á heagrú.

Mí Eanáir 1969 a tionóladh an chéad scoil gheimhridh ar an Aonach i gContae Thiobraid Árann. Ba iad Seán Ó Mórdha agus Eoghan Ó hAnluain a d’eagraigh an chéad ócáid sin. I measc na ndaoine a bhí páirteach bhí Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin agus léigh an file óg Nuala Ní Dhomhnaill dán don slua a bhí i láthair.

Beidh Nuala páirteach arís i Scoil Gheimhridh na bliana seo agus í faoi agallamh tráthnóna an tSathairn ag an Ollamh Patricia Coughlan, Luimníoch ó dhúchas. I measc na n-ábhar a mbeidh sí ag caint orthu beidh a ‘céadsearc’, amhráin mhóra na Mumhan. Casfaidh Muireann Nic Amhlaoibh roinnt de na hamhráin seo.

Mórscríbhneoirí eile a bheidh páirteach sa scoil seo iad na hollúna Máirín Nic Eoin agus Alan Titley; beidh siadsan ag comhrá le Cathal Póirtéir, oíche na hoscailte, faoi mar a thugann scríobh agus scoláireacht na Gaeilge ‘súil eile ar Éirinn’, nó fiú ‘súil eile as Éirinn’ dúinn.

Ní súil siar amháin a bheidh ar siúl ag an scoil mar go mbeidh seimineár ar an scríbhneoireacht reatha dar teideal ‘Trí Mheán na Gaeilge’, mar a gcloisfear ó Shiobhán Ní Ghadhra (Ros na Rún), Séamus Barra Ó Súilleabháin, file, agus Darach Ó Scolaí, scríbhneoir agus foilsitheoir.  Mar chlabhsúr ar imeachtaí na scoile, cloisfear an file Doireann Ní Ghríofa, as Inis ó dhúchas, ag léamh a saothair féin agus a rogha de shaothar ó fhilí eile agus scoth de cheoltóirí an Chláir ina teannta.

Seolfar leabhair bunaithe ar shaothar Bhrian Merriman agus Antoine Raiftearaí ag an scoil chomh maith le leabhair ar litríocht faoin óige agus ar úrscéalta na Gaeilge.

Beidh scoil na bliana seo ar siúl in Óstán an Old Ground in Inis, an t-óstán céanna ina raibh an chéad Scoil Samhraidh Merriman riamh, mí Mheán Fómhair 1968.

Ní léann amháin a bhíonn ag an scoil seo mar  beidh comhluadar, comhrá, ceol agus amhráin, agus neart spraoi ag an scoil chomh maith. Beifear ag súil go scaipfear dúluachair an gheimhridh mar a scaipfí an ceo.

[Eagras lándeonach é Cumann Merriman, a bhfuil 101 scoil eagraithe go dtí seo acu, 49 Scoil Samhraidh Merriman, 49 Scoil Gheimhridh, agus trí scoil lasmuigh d’Éirinn, dhá cheann sa Bhreatain Bheag sna 1980idí agus ceann i mBeirlín in 2006.]

Tuilleadh eolais: www.merriman.ie, nó eolas@merriman.ie nó 086 3820671

Déan teagmháil le:

Liam Ó Dochartaigh,
comhstiúrthóir na scoile

087 798 8956
(a bhí i láthair ag an gcéad scoil gheimhridh chomh maith)

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Gheimhridh Merriman 2018 – an 50ú Scoil Gheimhridh'

  • Learraí

    ‘Dúluachair’? Ca’il sí?