GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Rogha dheas leabhar ó An Gúm do bhronntanais na Nollag

An bhfuil tú ar thóir leabhar mar bhronntanais Nollag?  Seans go bhfuil siad os comhair do shúl anseo. Seo chugat rogha dheas leabhar ó An Gúm chomh maith le cur síos ar na saothair agus sleachta astu.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Rogha dheas leabhar ó An Gúm do bhronntanais na Nollag

Babaí Beag

Sraith 4 leabharBia Blasta, Seo Linn! Dathanna agus Splais!

Is maith an teist ar fheabhas an chéad dá leabhar sa tsraith Babaí Beag (Bia, Dathanna) go bhfuil athchló á chur orthu den dara huair. Cúis áthais dúinn go bhfuil ceithre theideal nua sa tsraith foilsithe anois.  Leabhair chairtchláir ildaite le léamh ag tuismitheoirí do naíonáin atá i gceist.

ANSEO ar ár suíomh gréasáin taispeántar cuid de na pictiúir ildaite ardchodarsnachta atá sna leabhair seo.

Ó Bhó, na Beacha!

Pauline Devine
Róisín Curé a mhaisigh

Leabhar pictiúr nua do pháistí 6-9 mbliana d’aois.
Ó bhó! Cad a dhéanfaidh na beacha nuair a scriostar an choirceog orthu? Agus cé hé an ‘bithiúnach lofa’ a rinne an dochar? Beidh ar Mhamó agus a comrádaithe beaga an scéal a réiteach gan mhoill nó baileoidh na beacha leo!

ANSEO tá a thuilleadh eolais i dtaobh an tsaothair seo chomh maith le blaiseadh d’obair ealaíne Róisín Curé.

Gairdín Mháire na mBláth

Tatyana Feeney

Leabhar pictiúr nua do pháistí 6-9 mbliana d’aois.
‘Scéal álainn faoin gcaidreamh idirghlúine a thagann faoi bhláth nuair a chuireann Máire na mBláth aithne ar phobal na scoile áitiúla.’   Inis, Iúil 2021 – Leabhair Pháistí Éireann.

ANSEO ar ár suíomh gréasáin tá a thuilleadh eolais i dtaobh an leabhair seo chomh maith le blaiseadh d’obair ealaíne Tatyana Feeney.

Bleachtairí Beaga Bhaile Átha Cliath

Gabriel Rosenstock
Aongus Ó Coileáin a mhaisigh

Torann aisteach. Tiúilipí goidte. Madra ar iarraidh. Boladh bréan. Níl aon chás róbheag ná rómhór don Cheathrar. An leabhar nótaí agus an ceamara faoi réir, ar aghaidh leis na bleachtairí beaga ar lorg leideanna. Ní mór don Cheathrar a bheith seiftiúil agus gach uile chás á fhiosrú. Le chéile tiocfaidh siad ar réiteach…

ANSEO tá a thuilleadh eolais i dtaobh an úrscéil seo chomh maith le sliocht as an gcéad chaibidil.

An Scéim: An Gúm 1926-2016

Cnuasach Aistí

Bunaíodh an Gúm i 1926. Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo. Cnuasach é ina rianaítear an cúlra, an comhthéacs staire chomh maith le cuid de na héachtaí liteartha agus ealaíne, na carachtair agus na conspóidí a bhain leis an nGúm i gcaitheamh na mblianta. Aistí léannta, eolacha, inléite iad seo le buíon scoláirí a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an am agus ar an ábhar atá faoi chaibidil acu.

ANSEO ar ár suíomh gréasáin is féidir réamhrá an leabhair a léamh.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Rogha dheas leabhar ó An Gúm do bhronntanais na Nollag'