GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Post Forbartha Luathbhlianta/Cúram Leanaí

Fáiltíonn Comhar Naíonraí na Gaeltachta roimh iarratais do phost mar Oifigeach Forbartha luathbhlianta/Cúram leanaí. Is post lán aimseartha 40 uair a chloig sa tseachtain atá i gceist

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Post Forbartha Luathbhlianta/Cúram Leanaí

Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta.

Is é fís Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ná seirbhís luathbhlianta den scoth a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Is ceannródaí é an comhlacht in earnáil na luathbhlianta agus táthar ag fostú Oifigeach Forbartha luathbhlianta go lánaimseartha chun forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí i nGaeltacht na Gaillimhe agus na Mí. Beidh an post lonnaithe sa cheanncheathrú ar an gCeathrú Rua.

Beidh sárchaighdeán oideachais, suas go tríú leibhéal sna luathbhlianta ag iarrthóirí, mar aon le taithí oiriúnach san earnáil.

Tá sárchaighdeán Gaeilge, labhartha agus scríofa, ag teastáil mar aon le hardscileanna pearsanta agus ríomhaireachta.

Seol iarratais mar aon le CV iomlán roimh an Aoine,  5ú Aibreán, 2019 chuig:

An Bainisteoir
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe

nó chuig eolas@cnng.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Post Forbartha Luathbhlianta/Cúram Leanaí'