GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Pobail a Cheiliúradh trí Chruthaitheacht: Straitéis Ealaíon Uíbh Fhailí 2024–2028

Is é ‘Pobail a Cheiliúradh trí Chruthaitheacht 2024-2028’ an cúigiú straitéis ealaíon ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Uíbh Fhailí

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Pobail a Cheiliúradh trí Chruthaitheacht: Straitéis Ealaíon Uíbh Fhailí 2024–2028

An raibh a fhios agat go bhfuil straitéis ealaíon cúig bliana i bhfeidhm in Uíbh Fhailí faoi láthair?

Is é ‘Pobail a Cheiliúradh trí Chruthaitheacht 2024-2028’ an cúigiú straitéis ealaíon ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Uíbh Fhailí. Déantar ceiliúradh inti ar obair na n-ealaíontóirí gairmiúla, na n-oibrithe deonacha agus na saoránach a bhfuil spéis acu sna healaíona le scór bliain anuas. Tacaítear leis an obair seo i gcomhar leis an Údarás Áitiúil, le hionadaithe tofa, le gníomhaireachtaí náisiúnta agus leis an rialtas.

Tá an straitéis ag teacht le beartais áitiúla agus náisiúnta, lena n-áirítear:

  • Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail 2023-2028 (Comhairle Contae Uíbh Fhailí);
  • Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016-2025 (An Chomhairle Ealaíon);
  • Cultúr 2025 – Éire Ildánach (Creatbheartas Náisiúnta Cultúir go 2025).

Trí na beartais seo, tugann an Oifig Ealaíon tacaíocht d’obair chruthaitheach sna bailte agus sna pobail, ag cur le folláine agus le comhtháthú sóisialta.

Is é fís Chomhairle Contae Uíbh Fhailí ná earnáil ealaíon atá bríomhar, luachmhar agus lárnach i saol na ndaoine. Tá ról tábhachtach ag an Oifig Ealaíon i bhforbairt leanúnach na n-ealaíon, trí chomhoibriú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí chun saothar ardchaighdeáin a chruthú agus a chur i láthair, agus trí thacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla chun a bhféiniúlacht a cheiliúradh trí na healaíona.

Agus an straitéis á cruthú, cuireadh ceist lárnach:
‘Conas is féidir leis an Oifig Ealaíon a hacmhainní agus a cumais a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí chun freastal ar riachtanais ealaíontóirí, eagraíochtaí agus pobail?’

Mar sheirbhís phoiblí, cuireann an straitéis riachtanais mhuintir Uíbh Fhailí i gcroílár a cuid oibre. Tá sé mar aidhm aici taithí ealaíon ardchaighdeáin a chur ar fáil do shaoránaigh agus do chuairteoirí, agus tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí trí chruthaitheacht.

Go deimhin, i rith na bliana bíonn clár lán le healaíona urraithe ag Comhairle Contae Uíbh Fhailí ag tarlú. Más rud é gur chaill tú : OFFline Film Festival; Birr Vintage Week & Arts Festival); nó Tullamore Tradfest— ná bí buartha, tá neart eile ar fáil!

I measc na n-áiteanna eile le himeachtaí agus píosaí ealaíona atá urraithe ag Comhairle Contae Uíbh Fhailí iontu tá:

Le Straitéis Ealaíon Uíbh Fhailí 2024–2028, cuirtear an Oifig Ealaíon mar chomhpháirtí straitéiseach i bhforbairt ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus féilte ar fud an chontae. Más spéis libh Pobail a Cheiliúradh trí Chruthaitheacht tabhair cuairt orainn nó lean sinn ar na meáin shóisialta (Facebook, X, Instagram agus LinkedIn) chun nuashonruithe a fháil.

DEIREADH

Nótaí don eagarthóir:

Is féidirPobail a Cheiliúradh trí Chruthaitheacht 2024-2028: Straitéis Ealaíon Uíbh Fhailí 2024–2028’ a léamh anseo.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Pobail a Cheiliúradh trí Chruthaitheacht: Straitéis Ealaíon Uíbh Fhailí 2024–2028'