GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach pleanála teanga á lorg ag Gaeilge ABC

Eagraíocht nua, Gaeilge ABC, ar an bhfód i mBearna Cnoc na Cathrach agus post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint chun an plean teanga don cheantar a chur i bhfeidhm

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach pleanála teanga á lorg ag Gaeilge ABC

Tá áthas ar GaeilgeABC a fhógairt go bhfuil post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint acu. Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus d’fhéadfaí cur leis an tréimhse sin.

Is é GaeilgeABC, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, atá freagrach as an bplean teanga do Limistéar Pleanála Teanga Bhearna & Chnoc na Cathrach a chur i bhfeidhm. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa cheantar. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.

Dúirt Cathaoirleach GaeilgeABC, Sinéad Ní Ghuidhir: “Tá céimeanna suntasacha tógtha le tamall anuas chun dlús a chur le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa cheantar. I measc na gcéimeanna sin áirítear bunú eagraíocht nua, GaeilgeABC, chun an plean teanga atá ceadaithe don cheantar a chur i bhfeidhm. Is cúis bhróid dúinn go bhfuil muid tagtha go dtí an sprioc fíorthábhachtach seo agus post mar Oifigeach Pleanála Teanga don cheantar á thairiscint againn. Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh tábhacht ar leith leis an gceapachán seo agus go mbeidh an té a cheapfar mar thacaíocht fíor-riachtanach dúinn leis na gníomhaíochtaí spreagúla atá sonraithe sa phlean a chur i gcríoch.

Má tá eolas breise uait faoin bpost nó go deimhin má tá spéis agat bheith páirteach linn san aistear fíorthábhachtach seo is féidir teagmháil a dhéanamh le Sinéad Ní Ghuidhir ag snighuidhir@gmail.com, 0876799346 nó leis an áisitheoir Seán Ó Leidhinn ag seanoleidhinn@gmail.com, 087 6620238.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach pleanála teanga á lorg ag Gaeilge ABC'